Jump to content

Tīmoti Kāretu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTīmoti Kāretu

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Aibreán 1937
89 bliana d'aois
Hastings Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmacadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Waikato Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Musicbrainz: 55e63439-5929-4534-b8f3-207e320a24a9 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scoláire Maorach agus saineolaí aitheanta ar an Maorais é Tīmoti Samuel Kāretu (a rugadh 29 Aibreán 1937).[1] Tá sé comhcheangailte leis na iwi Ngāi Tūhoe agus Ngāti Kahungunu.[2] Ba é an chéad cheannaire ar Roinn na Maoraise in Ollscoil Waikato, áit a ndearnadh ollamh de.[2] Ba é an chéad Choimisinéir Teanga sa Nua-Shéalainn freisin, idir 1987 agus 1999, agus ansin bhí sé ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar an Taisce Náisiúnta Te Kohanga Reo ó 1993 go 2003.[3] In 2003, bhí dlúthbhaint aige le bunú Te Panekiretanga o te Reo (Institiúid Ardchaighdeán na Maoraise), agus bhí sé ina stiúrthóir feidhmiúcháin air chomh maith.[3]

Rugadh Kāretu in Hastings na Nua-Shéalainne.[1] D'uchtaigh a sheanuncail agus a sheanaintín é nuair a bhí dhá mhí d'aois in uchtú whāngai (nós traidisiúnta sa phobal Maorach),[4] agus tógadh in Waikaremoana, Waimārama agus Ruatāhuna é.[5]

In Onóracha na hAthbhliana 1993, ceapadh Kāretu ina Chompánach d’Ord Seirbhíse na Banríona as a chuid seirbhíse don phobal, agus in Onóracha Bhreithlá na Banríona 2017 ainmníodh é ina Chompánach Ridire de chuid Ord Fiúntais na Nua-Shéalainne, as seirbhísí don Mhaorais.[6] Bhronn Ollscoil Victoria Wellington dochtúireacht oinigh air in 2003,[7] agus rinne Ollscoil Waikato an rud céanna sa bhliain 2008.[8] In 2020, bronnadh Gradam an Phríomh-Aire as Éachtaí sa Litríocht air sa chatagóir neamhfhicsin, agus toghadh é ina Chompánach de Chumann Ríoga Te Apārangi.[9]

In 2019, d’aistrigh Kāretu naoi n-amhrán ó Bhéarla go Maorais don albam Waiata/Anthems, a bhain barr na gcairteacha amach sa Nua-Shéalainn i mí Mheán Fómhair 2019. In 2021, chabhraigh Kāretu leis an mbanna rac-cheoil Six60 an t-amhrán Pepeha a scríobh, agus d’aistrigh sé Hua Pirau/Fallen Fruit ar son an amhránaí Nua-Shéalannaigh Lorde dá EP Te Ao Mārama.

  1. 1 2 "Karetu, Professor Timoti Samuel Biography 1991". Dáta rochtana: 2022-07-21.[nasc briste go buan]
  2. 1 2 "timoti karetu — Te Aka Online Māori Dictionary". Te Aka Online Māori Dictionary. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  3. 1 2 "Queen's Birthday Honours 2017 - Citations for Knight Companions of the New Zealand Order of Merit". Dáta rochtana: 2022-07-21.
  4. Karetu (1990). "The clue to identity". New Zealand Geographic (5). Dáta rochtana: 17 Meán Fómhair 2020.
  5. "Timoti Karetu: A stickler for standards". E-tangata.
  6. "Queen's Birthday Honours List 2017". Dáta rochtana: 2022-07-21.
  7. "Honorary graduates and Hunter fellowships — Victoria University of Wellington".
  8. "Honorary Doctors of the University of Waikato". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-04-06. Dáta rochtana: 2022-07-21.
  9. "New Companions 2020". Royal Society Te Apārangi. Dáta rochtana: 2022-07-21.