Te Taka Keegan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTe Taka Keegan
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Waikato Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilcéim dochtúireachta
Tráchtas acadúilIndigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai. (2007 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaMark David Apperley, Richard Benton agus Sally Jo Cunningham
Gníomhaíocht
Gairmeolaí ríomhaireachta, acadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Waikato, léachtóir sinsearach Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaFouad K. Shiblaq

Is léachtóir ollscoile agus gníomhaí ar son na Maoraise é Te Taka Keegan. Is de shliocht na iwi Waikato-Maniapoto, Ngāti Apakura, Te Whānau-ā-Karuai ki Ngāti Porou, agus Ngāti Whakaaue é.[1]

Agus cúlra san innealtóireacht chrua-earraí aige, d’fhill Keegan ar Ollscoil Waikato chun céim mháistreachta a dhéanamh i Loingseoireacht Mhaorach Thraidisiúnta.[2][3] Ina dhiaidh sin, fuair sé post múinteoireachta i Roinn na Ríomheolaíochta, agus ba é an chéad duine a mhúin an ríomheolaíocht go hiomlán trí mheán na Maoraise.[4] Chríochnaigh sé tráchtas Ph.D. dar teideal Indigenous Language Usage in a Digital Library: He Hautoa Kia Ora Tonu Ai bunaithe ar obair i gcomhair le Leabharlann Dhigiteach na Nua-Shéalainne, tionscadal taighde faoi stiúir Ian H. Witten.[5] Is féidir a phróifíl acadúil a fháil ar shuíomh Gréasáin Ollscoil Waikato.[6]

Bhí Keegan i gceannas ar an bhfoireann a d’aistrigh Microsoft Windows XP agus Microsoft Office 2003 go Maorais,[7][8] agus thug sé comhairle don fhoireann a d’aistrigh Office 2013 agus Windows 8.[9] Bhí orthu go leor téarmaí nua a chumadh mar chuid den chéad aistriúchán, agus tá cuid mhaith de na téarmaí sin anois ar fáil in A Dictionary of Māori Computer Terms. Bhí baint aige freisin le forbairt méarchláir SwiftKey a thacaíonn leis an Maorais.

Le linn dó saoire shabóideach a chaitheamh le Google, ba é Keegan an crann taca a bhí taobh thiar de Google Māori.[10][11][12] Tá sé ar dhuine d’iontaobhaithe Tūhono, bunachar sonraí a nascann daoine Maoracha lena n-iwi.[13]

In 2017, bhronn Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, Bill English, an gradam múinteoireachta is airde sa tír,[14] Ard-Ghradam an Phríomh-Aire, ar Keegan, mar aitheantas ar a dhíograis leanúnach don teagasc agus don fhoghlaim.[15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dr Te Taka Keegan (Deputy Chairperson)”. www.tuhono.net.
  2. Dr Te Taka Keegan”.
  3. Aria”. www.cs.waikato.ac.nz.
  4. He tangata whai kupu”. Stuff (28 Lúnasa 2009).
  5. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Lúnasa 2014. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2014.
  6. Te Taka Keegan - Computing & Mathematical Sciences: University of Waikato”. www.cms.waikato.ac.nz.
  7. GIFFORD, ADAM (16 Aibreán 2003). “Maori language macron idea finds favour with Microsoft engineers”.
  8. KIRIONA, RENEE (20 Deireadh Fómhair 2004). “Te reo boots up for 21st century”.
  9. Te reo Māori choice for Windows 8, Office 2013, and the Internet”.
  10. Helft, Miguel (9 Márta 2010). “Google's Toolkit for Translators Helps Feed Its Machine”.
  11. Gifford, Adam (29 Iúil 2008). “Te Reo no longer lost in translation”.
  12. Kua puta a Google Whakamāori ki te reo Māori: Google Translate now in Māori”.
  13. "Tūhono Trust". www.tuhono.net. Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2021.
  14. Clifford, Aidan (22 Lúnasa 2017). “Te Reo and Binary Combine to Win Prime Minister's Supreme Award”. microsoft.com. Microsoft. Dáta rochtana: 5 Nollaig 2017.
  15. "Weaving te reo into technology - Dr Te Taka Keegan wins top teaching honour" (9 Lúnasa 2017). Dáta rochtana: 5 Nollaig 2017.