Údar (sraith TG4)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Údar
Udar www.TG4.ie.jpg
Seánra Sraithdhráma
Fad na n-eipeasóidí 23 nóiméad
Léiritheoir(í) Cristine Ní Choncubhair
Foireann eoteilifis.ie
Teanga Gaeilge
Tír Éire
Craoltóir TG4
Chéad rith 2010 – 2011
Méid eipeasóidí 5

Sraith ghearrscannán ar TG4, craoladh den chéad uair i dtús 2011, ag léiriú tallann nua stiúrthóireachta agus scribhneoireachta i ndrámaíocht Teilifíse na Gaeilge[1] Sa tsraith drámaíochta ‘Údar’, tá saothar clasaiceach próis na Gaeilge athscríofa don scáileán beag ar bhealach físiúil cruthaitheach. Is iad na mórscríbhneoirí a bhfuil athchóiriú déanta ar a gcuid saothair ná Pádraig Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais, Liam Ó Flaithearta, Micheál Ó Conghaile agus Pádraig Ó Siadhail.


Tugann scríbhneoirí agus stiúrthóirí ár linne léargas úr dúinn ar na mothúcháin chéanna a chuaigh i bhfeidhm ar scríbhneoirí agus ar léitheoirí thar na blianta agus a théann i bhfeidhm orainne sa lá atá inniu ann: an grá, an streachailt, an cruachás, an dúil agus na gnéithe uile a mbíonn tionchar acu ar an gcine daonna. Bua na mharthanais, coimhlint, grá agus éad, seo cuid de thréithe an duine a bheidh le feiceáil sa sé ghearrcscannáin 'Údar', dar le , dar le Gaelscéal.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Roimh Údar, chuir TG4 tús le scéim fhorbatha nua, Síol. Thug Síol deis, chomh maith le Údar, do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Thug Síol deis do sheisear scríbhneoirí agus stiúrthóirí píosaí nua oibre a fhorbairt faoi theagascóirí saineolaithe i scríbhneoireacht scripteanna agus i stiúradh teilifíse araon. Trí shraith ceardlanna tionscnamh-bhunaithe, threoraigh Síol na scríbhneoirí trí gach céim ón script go dtí an léiriúchán, rud a d’fhorbair a gcuid scileanna agus a chuir sé dhráma nua teilifíse ar fáil go healaíonta agus ar ardchaighdeán.

Údar – Jesus, Mary agus Mattie

Forbraíodh an tsraith dhrámaíochta Údar thar tréimhse sé mhí le ceardlanna agus máistir-ranganna le leithéidí an stiúrthóra Dearbhla Walsh, a bhfuil gradam Emmy buaite aici dá gcuid stiúrthóireachta. Ba é ar mhúnla oiliúna a forbraíodh an comhfhiontar seo idir TG4 agus Líonra Meán Skillnet le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Bhí meascán de stiúrthóirí, scríbhneoirí agus aisteoirí seanbhunaithe agus nua páirteach ann, dar le Gaelscéal. Ar an dá scéim a léiríodh TG4, Síol agus Údar, bhí 12 gearr scannáin léirithe don scáileán beag.

Cláir[athraigh | athraigh vicithéacs]

Malartú Intinne[2], faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí 6 Eanáir, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Údar – Malartú Intinne

Chuir tús leis an tsraith seo ar TG4 leis an ngearrscannán ‘Malartú Intinne’ faoi stiúir ag Cóilín Ó Scolaí[3]. Is scéal é seo atá suite i nGaeltacht Cheanada agus é bunaithe ar ghearrscéal le Pádraig Ó Siadhail dar teideal ‘Meisce Bhreallántachta’. Jack Ó Drisceoil a d'athchóirigh an scéal don scáileán.

Ag deireadh an chogaidh in 1945, tá Aisling agus a clann ag tnúth go mór lena fear céile, Eoghan, a fhéiceáil atá ar an mbealach abhaile ón gcogadh. Tá cónaí oraibh i dTalamh an Éisc. Nuair nach labhrann Eoghan teanga Gaeilge an teaghlaigh cuireann se strus agus imní ar Aisling, nuair a thuigeann sí nach bhfuil an Ghaeilge ar a cumas aige a thuilleadh, ach an Béarla amháin. Tuigtear dhe gur mar gheall ar chruachas an chogaidh is cúis leis, ach an bhfuil fáth éigin eile nach bhfuil ach Béarla ag a fear céile?

Cé go bhfuil an scéal bunaithe i dTalamh an Éisc is i gceantar an Spidéil i gContae na Gaillimhe a rinneadh an taifead agus é sách deacair ag an stiúrthóir láthair a roghnú don taifead i gceartlár Chois Fharraige a bhí cosúil le Ceanada i 1945. Bhí an t-ádh ar Ó Scolaí teacht ar charr a bhí déanta i gCeanada i 1944 agus tá suímh áille aimsithe acu a bhfuil fírinneacht na haoise sin le tuiscint uathu. Is é Tom Ó Suilleabháin atá i bpríomhpháirt an tsaighdiúra atá ag streachailt agus é ag iarraidh dul i dtaithí ar a shaol tar éis an chogaidh. Bhí scoth na haisteoireachta le feiceáil uaidh, dar le Gaelscéal.

An t-Ádh[4], faoi stiúir ag Colm Bairéad 13 Eanáir, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Údar - An tÁdh

Bunaithe ar shaothar Pádraic Ó Conaire feictear dúinn gur iomaí casadh aisteach atá sa saol seo, ach céard go díreach atá i ndán do Liam nuair a dhéanfainn sé cinneadh dul go h-Árann chuig cluiche peile, agus iad ar thóir bealach ar bith chun iad a thabhairt ann. Nuair nach bhfuil ach spás do bheirt ar bhád Tom Beag, tagann Liam suas le plean a chuireann cruth tragóideach ar a shaol. Sa deireadh thiar thall roghnaíonn siad dul i bhfolach ar bhád iascaireachta, ach níl spás ach do bheirt ann, rud a chiallaíonn go bhfágtar Liam sa bhaile agus é croí-cráite dá dheasca. Ach an leisean atá an t-ádh i ndeireadh an lae? Seo lá den tsaol nach ndéanfaidh Liam dearmad ar go deo. Éisteacht go géar leis an amhrán ag an deireadh, é canta ag duine eile de na príomhcharachtair, Bertie Ó Domhnaill.

Scéal álainn, mealltach is ea ‘An t-Ádh’, dar le Gaelscéal, a léiríonn an caidreamh idir cairde go soiléir agus iad ar thóir na heachtraíochta. Ba í Medb Johnston a scríobh ‘An t-Ádh’ bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire. Tá an script nádúrtha agus é curtha inár láthair trí aisteoireacht le triúr aisteoirí óga, go háirithe Éamonn Ó Ceallaigh atá i bpáirt an phríomhcharachtair. Luíonn an stíl stiúrthóireachta go réidh le scéalaíocht na scripte, í ag luascadh go compordach le casadh an scéil.

Is seanscéal é seo faoin gcairdeas idir buachaillí óga agus iad ar thóir eachtraíochta, ach is aistear é a iompaíonn ina thragóid. Léirítear meas sa chlár seo ar an scéalaíocht trí na focail agus tríd an bhfísiúlacht faoi stiúir ag Colm Bairéad.

Jesus, Mary & Mattie[5], faoi stiúir ag Diarmuid Goggins 20 Eanáir, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Údar – Jesus, Mary & Mattie

Tá an scannán seo bunaithe ar bunscéal le Pádraig Mac Piarais. Tá luathnéaltrú ar Mattie bhocht agus é ag fanacht go dtógfar ón tsaol seo é. Cailleadh a bhean céile os cionn deich mbliana ó shoin agus níl aon spioraid fágtha ina shaol dá bharr. Tá faitíos ar an seanfhear roimh an domhan mór agus nach bhfuil uaidh ach é a fhágáil agus bualadh lena bhean chéile arís sna flaithis. De thimpist, castar Mary leis, cailín óg fuinniúl agus Jesus, buachaill óg ón mBrasíl. Téann siad ar thuras, ní amháin go fisiciúl, ach ar thuras intinne a thugann sólás do Mhattie - a lá dheireadh ar an tsaol seo.

Sí scríbhneoir an scéil seo, Doireann Ní Chorragáin (ghlac sí páirt mar Ali in Fair City). Seasann Úna Ní Fhlatharta amach i bpáirt Mary sa scannán seo, dar le Gaelscéal, agus í soineanta agus lán le beocht na hóige agus grá don saol agus is í a théann i bhfeidhm ar an seanfhear Mattie agus a thugann beagán sóláis dó. Léirítear an ghruaim agus an dólás atá ar Mattie trí radhairc dhorcha, ghruama a léiríonn go bhfuil néaltrú ag teacht ar Mattie. Is é Diarmuid Goggins a stiúraigh an scannán seo agus is é Breandán Conroy, de cháil Kings, atá i bpáirt Mattie.

Seacht gCéad Uaireadóir[6], faoi stiúir ag Tomás Seoighe 27 Eanáir, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an scéal scríofa ag Greg Ó Braonáin ach bunaithe ar ghearrscéal le Micheál Ó Conghaile, dírítear ar choimhlint an tsaoil nua-aimseartha i leith úsáide agus mí-úsáide an ama. Is cur síos é ar choimhlint an tsaoil nua aimseartha coimpléasach leis an tsean tsaoil atá caite.

Téann fear óg (Seán T Ó Ceallaigh) ag spaisteoireacht lá sa chathair agus é lán lena thábhacht féin go dtí go mbuaileann sé isteach ar shiopa lán le huaireadóirí, nó an é an t-am? Tá an fear óg ag iarraidh roinnt ama a chaitheamh sa gcathair Feiceann sé sean shiopa lán le cloig agus uaireadóirí, nach luíonn le saol nua aimseartha na h-áite amuigh.. Tugann úinéir an tsiopa seo rabhadh don fhir óg faoi mí-úsáid ama dhé agus an bealach fánach ina n-úsáidtear é. Is é Macdara Ó Fátharta atá i bpáirt úinéir an tsiopa agus cur i láthair cumhachtach aige mar an t-úinéir aisteach a bhfuil smacht iomlán aige ar an am agus ar shaol an tsiopa.

Scéal aisteach, draíochtúil, mealltach agus mearbhlach é ‘Seacht gCéad Uaireadóir’, dar le Gaelscéal, a bhfuil ardchaighdeán scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta lámh le láimh ann. Coinnigh súil amach don anamúlacht stoptha (stop motion) a chuireann go mór le láidreacht na scéalaíochta agus éist le fuaim na gclog sa scannán seo faoi stiúir ag Tomás Seoighe.

An Buille[7], faoi stiúir ag Marion Ní Loingsigh 3 Feabhra, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Údar – An Buille

Tá an scannán ‘An Buille’ scríofa ag Tristan Rosenstock agus bunaithe ar ghearrscéal le Liam Ó Flaithearta. Cuireann sé an spotsolais ar an streachailt a bhaineann le caidreamh idir mac agus athair. De bharr trioblóidí airgeadais agus brú oibre, níl gaolú ró-láidir idir mac agus athair, go dtí lá amháin nuair nach bhfuil aon rogha acu ach an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile. Tagann casadh ar an scéil ár ndóigh nuair a tharlaíonn eachtra fisiciúl idir na beirte. Gan mórán cumarsáid idir iad, i rith an tsaol, tagann athrú suntasach ar an ngaolú místuama seo, agus b'fhéidir seans nua acu rudaí a chuir ina gceart.

Dar le Gaelscéal, díríonn an scéal seo ar ghnáthfhear agus é ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh dul i ngleic lena chuid féinmhuiníne agus é ag obair le daoine nach bhfuil uathu ach é a chur faoi chois. Ní go deireadh an scannáin seo, stiúrtha ag Marion Ní Loingsigh, a fheiceann muid go bhfuil seans ann cúrsaí idir an mac agus an t-athair a chur ina gceart tar éis eachtra fisiciúla. Is iad Mícheál Ó Dubhghaill agus Eoin Ó Dubhghaill atá i bpáirt an athar agus an mhic agus an teannas fadtéarmach eatarthu le haireachtáil.

An Seabhac[8], faoi stiúir ag Trevor Laffey 10 Feabhra, 2011[athraigh | athraigh vicithéacs]

Údar – An Seabhac

Tá saothar Liam Ó Flaithearta tugtha chun beocht san scannán seo mar dhornálaí fíochmhar a dhéanadh rud ar bith chun a chlann a chosaint. Bíonn air troid ar son a bheatha, a chlainne agus a mhoráltachta sa scannán seo atá scríofa ag Tomás Seoighe. Cé go dtugtar ‘an Seabhac’ ar an dornálaí is léir go bhfuil níos mó ná éan seilge amháin sa scéal nuair a thugtar deis don dornálaí mála mór airgid a thabhairt abhaile leis ach titim i mbabhta ceannais dornálaíochta. Tá impleachtaí dainséarach i gceist ár ndóigh nuair a dhéanfainn sé cinneadh marfach a d'fhéadfadh é féin a scriosadh chomh maith leis a chlann. An bhfaigheadh an mórtas an ceann is fearr ar 'An Seabhac' agus an ngéilleadh sé don saol coiriúlacht, nó an éistigh sé lena chroí agus an bóthar ceart a roghnú? Tá cinneadh mór amach roimhe.

Pól Ó Gríofa atá i bpáirt an dornalaí fhíochmhair agus is é Pádraig Ó Tuairisg atá i bpáirt an duine atá ag iarraidh é a chur ar an mbóthar mícheart. Is é Trevor Laffey a stiúraigh an scannán seo agus tá allas, fuil agus foréigean na dornálaíochta le feiceáil go soiléir ann, taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne dornálaíochta.

’Scéal’[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí sé fógraithe ag TG4 sa bhliain 2011 go raibh tús curtha le scéim fhorbatha eile, Scéal [9]. Tugann Scéal deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearr scéal, dán, scéal béaloideas nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Údar – An Buille

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]