Mícheál Ó Conghaile
Appearance
(Athsheolta ó Micheál Ó Conghaile)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 61/62 bliana d'aois |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, drámadóir, scríbhneoir próis, aistritheoir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is scríbhneoir Éireannach agus foilsitheoir Gaeilge a rugadh in Inis Treabhair i gCeantar na nOileán, Conamara sa bhliain 1962 é Mícheál Ó Conghaile.[1] Tá dintiúirí B.A. agus M.A. bainte amach aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa bhliain 1985, a bhfuil litríocht agus ceol Chonamara mar phríomhtháirge aige. Is ball d' Aosdána é. Tá an gearrscéal Athair dá chuid le fáil sa chnuasach Gearrscéalta an Chéid a chuir Gearóid Denvir agus Aisling Ní Dhonnchadha in eagar. Aistríodh a chuid scríbhneoireachta go Rómainis, Cróitis, Albáinis, Gearmáinis agus Béarla.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Croch Suas É! (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1998) Cnuasach amhrán
- Croch Suas Aríst É! Cnuasach amhrán
- Croch Suas Aríst Eile É! Cnuasach amhrán
- Mac an tSagairt (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1986)
- Comhrá Caillí, (Gallimh, Cló Iar-Chonnachta, 1987)
- Conamara agus Árainn 1880–1980: Gnéithe den stair shóisialta, (Cló Iar-Chonnachta, 1988)
- An Fear a Phléasc (Cló Iar-Chonnachta, 1997)
- Sna Fir (Cló Iar-Chonnachta, 1999)
- Seachrán Jeaic Sheáin Johnny (Cló Iar-Chonnachta, 2002)
- An Fear nach nDéanann Gáire (Cló Iar-Chonnachta, 2003)
Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cúigear Chonamara(Gallimh, An Taibhdhearc, 2003)
- The Connemara Five[2] aistrithe ag Úna Ní Chonchúir, 2007