Robin Hood

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Robin Hood laoch pobail Shasana, boghadóir ardchumasach agus eisreachtaí nó cineál ceithearnach coille i gceannas ar bhaicle robálaithe i gCoill Sherwood i Sír Nottingham. Freagraíonn Robin Hood go dlúth do stéiritíopa an "robálaí shóisialta" atá an-choitianta i mbéaloideas a lán tíortha. Is féidir é a chur i gcomparáid le Gráinne Mhaol Ní Mháille in Éirinn, Janosik sna críocha idir an Pholainn agus an tSlóvaic, Jesse James sna Stáit Aontaithe, Ned Kelly san Astráil, agus VeerappanPhoolan Devi san India. Go bunúsach, is é Robin Hood an gadaí uasal nach robálann ach daoine saibhre cumhachtacha, agus é ag cabhrú leis na daoine bochta. Glactar leis gur fear neamhurchóideach a bhí ann ó thús a ndearnadh coirpeach agus eisreachtaí de trí fheillbheart a imirt air, agus ó bhí sé ní ba sciliúla ná a chuid naimhde, b'éigean dul i muinín feillbheart eile le hé a mharú. Idir an dá linn, bhí sé ag baint a míthapa as na húdaráis agus ag déanamh staicín aiféise díobh, go háirithe sirriam Nottingham, arbh é a shíor-namhaid é.

Robin Hood - Leacht cuimhneacháin - Nottingham

Is féidir cosúlachtaí spéisiúla a aithint idir na scéalta faoi Robin Hood, na scéalta Artúraíochta agus na scéalta Fiannaíochta. Dealraíonn sé, áfach, nach ndearna aon scoláire staidéar comparáideach ar an trí shraith scéalaíochta seo go nuige seo.

Cnámha Loma an Scéil[athraigh | edit source]

Deirtear gur mhair Robin Hood i réimeas Risteard Leonchroí, is é sin, i ndeireadh na dara haoise déag, agus gur mharaigh sé fia i gcoill an rí i Sherwood i Sír Nottingham. Bhí pionós uafásach ag dul don duine a mharódh fia de chuid an rí - mar shampla, bhainfí an radharc dá shúile agus bhascfaí a chnámha le hé a fhágáil ina chreapaltán dall go deireadh a shaoil - agus le teacht slán ón mbarbarthacht seo, chuaigh Robin ar a sheachnadh ina cheithearnach coille. Bhí sé chomh sciliúil ag láimhseáil an bhogha is nár thóg sé i bhfad air dul i gceannas ar na heisreachtaithe agus na póitseálaithe. Chuaigh sé trí shraith mhaith eachtraí lena chuid fear, ach ansin, shocraigh sé síocháin leis an Rí Risteard, agus fuair sé agus a chuid fear pardún uaidh. Ní raibh Robin mór le hEoin gan Talamh, deartháir agus ríchomharba Risteard, agus nuair a bhain Eoin amach an ríchathaoir i ndiaidh bhás Risteard, d'fhill Robin agus a chuid fear ar a seansaol i Sherwood. Ag dul anonn in aois dó, chinn Robin ar leigheas a fhannlaige a lorg ó bhanphriór a raibh gaol aige léi. D'imir an banphriór feillbheart air, áfach, agus fágadh ag saothrú an bháis é. Tháinig Eoin Beag, an fear is dílse dá raibh aige, chun cabhrach dó, ach bhí sé rómhall. Ní raibh Robin in ann ach saighead dheireanach a shaoil a chaitheamh, agus d'adhlaic Eoin é san áit ar bhuail an tsaighead an talamh.

Seo iad cnámha loma an scéil mar is minicí a insítear é. Is é an tuiscint atá ag na scoláirí inniu, ná, má bhí Robin Hood ann mar phearsa stairiúil ar aon nós, go raibh sé beo céad go leith de bhlianta ní ba deireanaí ná mar a deir an leagan seo. Thairis sin, ní luaitear Sherwood ná Nottingham leis ar aon nós sa litríocht is sine a dhéanann trácht air.

An Litríocht is Sine faoi Robin Hood[athraigh | edit source]

Rinneadh an chéad trácht ar Robin Hood sa dán The Vision of William Concerning Piers the Plowman a scríobh William Langland sna 1370idí. Dán teagascúil morálta atá ann, ina n-ionchollaítear suáilcí agus duáilcí an duine i riocht daonna. Is é a deir ionchollú na Leisce (Sloth) ná nach bhfuil sé in ann an tÁr nAthair a chuimhneamh ar aon nós, ach ón taobh eile de, go bhfuil "laoithe faoi Robin Hood" ar eolas aige go maith (but I can rymes of Robyn Hood). Luaitear Robin Hood anseo agus ansiúd ina dhiaidh sin, agus tagairt á déanamh dó mar laoch pobail. Mar shampla, déantar gearán i seanmóir ón mbliain 1410 go bhfuil níos mó spéise ag an gcosmhuintir i laoithe faoi Robin Hood ná san Aifreann féin. Is léir, mar sin, go raibh ainm Robin i mbéal an phobail sa chúigiú haois déag, agus é ina laoch sna bailéid a chantaí go fairsing i Sasana san am sin.

Sa litríoch is sine faoi Robin Hood, ghlactaí leis gurbh é Barnsdale áit dhúchais an laoich, nó gurbh ansin a bhí sé ina robálaí. Níltear cinnte, cé acu Barnsdale i Rutland nó Barnsdale i Sír Eabhraic a bhí i gceist. Cé go bhfuil cupla áit ainmnithe as Robin Hood i Rutland, is dóchúla gurb é Barnsdale i Sír Eabhraic atá i gceist, nó bhí míchlú ar an áit sin as robálaithe sna Meánaoiseanna, agus cibé cé acu a bhí Robin Hood ann nó nach raibh, tá an chuma ar na cúrsaí gurbh ansin a tháinig an finscéal ar an bhfód.

An Gest of Robin Hood[athraigh | edit source]

Tháinig an Gest of Robin Hood - nó The Gest of Robyn Hode, de réir an bhunlitrithe - i gcló thart ar an mbliain 1500, ach meastar go bhfuil an laoi seo bunaithe ar bhailéid tíre atá breis is céad bliain níos sine ná sin. Sa leagan seo den scéal, tá Robin ina eisreachtaí i dtús an scéil, agus é ina cheann feadhna ar a dhrong cheana féin. I dtosach báire, míníonn sé do lucht a leanúna na rialacha a chaithfidh siad a urramú feasta. Ní cheadaíonn sé dóibh cur isteach ar na scológa ná ar na feirmeoirí nach bhfuil ach ag saothrú a gcuid tailte le beatha a choinneáil leo féin. Ón taobh eile de, níl meas an mhadra ag Robin ar na habaí ná ar na heaspaig, agus deir sé gurb iadsan na deargnaimhde.

Ansin, deir Robin lena chuid fear - luaitear Eoin Beag, Will Scarlet (nó Scathelock, mar a thugtar air sa laoi seo) agus Much Mac an Mhuilleora - go dteastaíonn cuairteoir uaidh le cuideachta a dhéanamh dó le linn an bhéile. Stopann na fir ridire a thagann an bealach agus tugann siad cuireadh dó séire a chaitheamh ag bord a dtaoisigh. I ndiaidh an dinnéir, áfach, deir Robin leis an gcuairteoir go gcaithfidh seisean deachú a bhéile a íoc le Robin, ós duine uasal é. Níl sciúrtóg airgid i bpóca mo dhuine, áfach, nó tá a mhac tar éis ridire eile a mharú le linn turnaiminte, agus b'éigean dó luach fuascailte a mhic a fháil ar iasacht ó ab ceachartha. Anois, tá na fiacha ag cúngú air, agus an chuma ar an scéal go gcaithfidh sé imeacht i mbéal na séibe as Sasana le teacht slán as lámh an aba.

Mar is dual dó, cabhraíonn Robin leis an ridire dealbh, nó tugann sé gléas agus airm dó chomh maith le hiasacht mhór airgid lena leabhar a ghlanadh ag an ab. Thairis sin, ordaíonn sé d'Eoin Beag dul i seirbhís an ridire mar gharda cosanta.

Bliain ina dhiaidh sin, filleann an ridire céanna leis an iasacht a íoc ar ais le Robin. Idir an dá linn, tá sé iompaithe ina fhear saibhir sócúlach, agus slua mór saigheadóirí á thionlacan agus á chosaint. Taispeántar go bhfuil sé féin tar éis cothrom na féinne a fhoghlaim ó Robin, nó cuidíonn sé féin le fear coimhthíoch nach bhfuil lucht an aonaigh sásta an duais is dual dó a íoc leis, agus é tar éis comórtas coraíochta a bhuachan san aonach céanna.

Ansin, caitheann an t-údar súil ar na rudaí atá idir lámhaibh ag Eoin Beag. Tá Eoin Beag i seirbhís an ridire i gcónaí, ach ós rud é go bhfuil scata boghadóirí dá chuid féin aigesean faoi láthair, tá cead a chos ag Eoin. Mar sin, glacann sé páirt i gcomórtas boghadóireachta i Nottingham faoi ainm bréige - Reynaud Greenleaf (Raghnall na Duilleoige Glaise) ó Holderness.

Foinsí[athraigh | edit source]

Tá an chéad leagan den alt seo bunaithe ar an leabhar leis an staraí Sualannach Dick Harrison: Mannen från Barnsdale. Historien om Robin Hood och hans legend ("An fear as Barnsdale - Stair Robin Hood agus a Fhinscéil"). Pan, Stockholm 2006. ISBN 978-91-7263-760-3 agus ISBN 91-7263-760-9