Veerappan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVeerappan

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ta) கூசு முனிசாமி வீரப்பன்
Beathaisnéis
Breith(en) Koose Muniswamy Veerappan
18 Eanáir 1952
Gopinatham, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Deireadh Fómhair 2004
52 bliana d'aois
Papparapatti, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Gairmcoirpeach Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMuthulakshmi Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1516920 Cuir in eagar ar Wikidata

Robálaí, fuadaitheoir, smuigléir agus dúnmharfóir Indiach ab ea Koose Muniswamy Veerappa Goundan, nó Veerappan (18 Eanáir 195218 Deireadh Fómhair 2004). Dacoit a thugtar ar a leithéid de choirpeach san India. Nuair a bhí sé ocht mbliana déag, chuaigh sé le póitseáil agus le robálaíocht mar shlí bheatha, agus ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag fuadach daoine mór le rá agus ag éileamh airgid mar dheachú a bhfuascailte. Bhí sé ag rith damhsa taobh istigh de chríocha trí stát Indiach, mar atá, Tamil Nadu, Karnataka, agus Kerala. Bhí sé de chlú air go raibh sé cosúil le Robin Hood agus na bochtáin ag cabhrú leis in éiric na maitheasa a rinne sé dóibh, ach dealraíonn sé gurbh í an eagla ba mhó a mheall an chuidiúlacht uathu.

Mharaigh tascfhórsa speisialta na bpóilíní de chuid Stát Karnataka é ar an ochtú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2004, i stát Tamil Nadu.