Robert Oppenheimer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Oppenheimer
JROppenheimer-LosAlamos.jpg
Robert Oppenheimer
Dáta breithe 22 Aibreán 1904
  Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac
Dáta báis 18 Feabhra 1967
  Princeton, New Jersey, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Réimsí fisic
Iomráiteach do Forbairt an bhuama adamhaigh
Próiseas Oppenheimer-Phillips
Neastachán Born-Oppenheimer
gníomhaíocht ar son na síochána
Síniú
J Robert Oppenheimer signature.svg

Fisicí núicléach a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea Julius Robert Oppenheimer (22 Aibreán 190418 Feabhra 1967). Stiúrthóir Thionscadal Manhattan an bhuama adamhaigh i Los Alamos (19431945). Chuir sé i gcoinne an H-bhuama (an buama comhleáite), agus i 1953 baineadh ón taighde núicléach rúnda é. Ollamh le fisic ag Ollscoil California, Berkeley i Meiriceá a bhí ann ag tosnú sa bhliain 1927. Mhúin sé fisic ag Caltech freisin. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, d'oibrigh sé ar an mbuama adamhaigh mar chuid den Thionscadal Manhattan ag an Los Alamos Laboratory. Sa bhliain 1947 agus an cogadh sin thart, ghlac sé post mar stiúrthóir an Advanced Studies Institute in Princeton. Ba in Princeton a fuair sé bás leis an ailse sa bhliain 1967.