Tionscadal Manhattan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Códainm an oibríocht eolaíochta/teicneolaíochta is rúnda sa dara cogadh domhanda, chun an buama adamhach a shaothrú. Tugadh faoi sna Stáit Aontaithe ó 1942, agus bhí eolaithe is innealtóirí ón Eoraip bainteach leis chomh maith. Shroich sé a bhuaic le pléascadh an chéad bhuama adamhaigh, dar chódainm Trinity, in Alamogordo, Nua-Mheicsiceo i 1945. Lean an scéal le buamáil adamhach Hiroshima is Nagasaki na Seapáine an bhliain chéanna.