Percy Williams Bridgman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i gCambridge, Massachusetts ab ea Percy Williams Bridgman (1882-1961). Rinne sé taighde suntasach ar chórais ardbhrú, teirmidinimic, agus airíonna ábhar faoi ardbhrú. Mar shampla, tháirg sé foirm nua fosfair faoi ardbhrú, agus thaispeáin gur mhéadaigh slaodacht leachtanna faoi ardbhrú. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1946 as sin.