Patrick Maynard Stuart Blackett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Londain ab ea Patrick Maynard Stuart Blackett (1897-1974). I 1925 ba é an chéad duine a rinne grianghrafanna d'imbhuailtí núicleacha i néalsoitheach Wilson inar tharla claochluithe. I 1932 d'fhionn sé an posatrón go neamhspleách. Rinne sé taighde ceannródaíoch ar an radaíocht chosmach. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic as an saothar uile seo i 1948.