Oppenheimer (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinOppenheimer
Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirChristopher Nolan Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúChristopher Nolan, Charles Roven agus Emma Thomas Cuir in eagar ar Wikidata
Dearthóir léiriúcháinRuth De Jong (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptChristopher Nolan Cuir in eagar ar Wikidata
CeolLudwig Göransson Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtHoyte van Hoytema Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinJennifer Lame (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FeisteasEllen Mirojnick Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinAtlas Entertainment (en) Aistrigh, Syncopy Inc. agus Universal Pictures Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirUniversal Pictures, UIP-Dunafilm agus Max (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú21 Iúil 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama180 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaLos Angeles, Nua-Mheicsiceo agus California Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite agus dubh agus bán Cuir in eagar ar Wikidata
Formáid2.2:1 agus 2.39:1 Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad100,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh955,300,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Bunaithe arAmerican Prometheus Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrascannán stairiúil, scannán bunaithe ar leabhair, scannán beathaisnéise, dráma, scéinséir, scannán eipiciúil agus scannán drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAR Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharRobert Oppenheimer, McCarthyism, triail, buama adamhach agus Tionscadal Manhattan Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaOllscoil Cambridge agus Project Y (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síRobert Oppenheimer Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáin oifigiúiloppenheimermovie.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt15398776 Filmaffinity: 294474 Allocine: 296168 Rottentomatoes: m/oppenheimer_2023 Letterboxd: oppenheimer-2023 Allmovie: v734156 Metacritic: movie/oppenheimer
Facebook: OppenheimerMovie Twitter: OppenheimerFilm Instagram: oppenheimermovie Cuir in eagar ar Wikidata


Is é Oppenheimer scannán fada a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan. Seoladh an scannán go hoifigiúil ar 19 Iúil 2023 sa Fhrainc.[1] D’éirigh leis an scannán seacht nOscar (Gradaim an Acadaimh) ar fad a fháil sa bhliain 2024.[2]

J. Robert Oppenheimer, in Los Alamos 1944; Tá Cillian Murphy an-chosúil leis an bhfear é féin[3]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

gluaisteán seanré ag UC Berkeley sa bhliain 2002, le linn na scannánaíochta

Scannán beathaisnéise atá ann faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. J. Robert Oppenheimer, “athair an bhuama adamhaigh”, "Oppy" agus a chomrádaithe eolaíochta ag iarraidh buama adamhach a chruthú sula ndéanfadh na Naitsithe é. Dírítear ar a óige, a ghaiscí míchlúiteacha i rith an Dara Cogadh Domhanda mar aon leis an ngéarleanúint a rinneadh air ina dhiaidh sin.[3]

Tá trí amlíne dhifriúil fite fuaite le chéile anseo aige: laethanta a óige mar scoláire, éisteacht slándála dá chuid féin i 1954 agus éisteacht daingniúcháin le Lewis Strauss i 1959.

Reáchtáladh an premiere ar 19 Iúil 2023 sa Grand Rex i bPáras.

Déantar iarracht iniúchadh a dhéanamh ar mheabhair agus ar mheon Oppenheimer, fear fíorchliste, fear ban, duine a bhí tiomanta dá chuid oibre cé gur thuig sé na hiarmhairtí a bheadh uirthi agus fear a bhí ciaptha ag na hiarmhairtí céanna ina dhiaidh sin.

Scéal uafáis á insint gan fiacail a chur ann…cinedhíothú á phleanáil agus á chur i gcrích chun na Seapánaigh a cheansú i dtreo dheireadh an dara cogadh domhanda, nuair ná rabhadar meáite géilleadh d’fhórsaí na gComhghuaillithe.[4]

Lucht pleanála an bhuama seo gan taise gan trócaire ag troid is ag sárú eatarthu fhéin, anuas air sin. Paranóia na Meiriceánach i gcoinne an Chumannachais, gan trácht ar fhrith-Sheimiteachas agus aon ní ná beart ná raibh Fíor-Mheiriceánach, ní maith.[4] Meabhraítear dúinn arís is arís go raibh an ghéarleanúint a bhí á déanamh ag na Naitsithe ar Ghiúdaigh ag spreagadh na n-eolaithe Giúdacha chun gnímh.[3]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. 7 gcinn de Ghradaim a fuair "Oppenheimer"; An Scannán agus Stiúrthóir agus Aisteoir is Fearr, chomh maith leis an Aisteoir Tacaíochta is Fearr (Robert Downey Jr), Cineamatagrafaíocht (Hoyte Van Hoytema), an Bunscór (Ludwig Göransson) agus Eagarthóireacht (Jennifer Lame).[5]

Agus é ag glacadh leis an ngradam Oscar, dúirt Cillian Murphy go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer, agus thiomnaigh sé an gradam do na daoine a dhéanann síocháin.[6] Chuir sé clabhsúr lena phíosa cainte ag trácht ar an scannán faoin bhfear a chum an buama adamhach. "Tá muid ar fad anois bíodh sé maith nó olc, sa saol a chruthaigh Oppenheimer, mar sin ba mhaith liom an gradam seo a thiomnú do lucht na síochána i ngach áit."[5][7][8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Christopher Nolan; Cillian Murphy, Emily Blunt, Matt Damon (2023-07-21). "Oppenheimer". Universal Pictures, Atlas Entertainment, Gadget Films. 
  2. RnaG (2023-08-01). "Róisín Ní Mhaoláin, Léirmheastóir." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  3. 3.0 3.1 3.2 Breandán M Mac Gearailt (1 Lúnasa 2023). "Saothar ar leith eile ón gceardaí Christopher Nolan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  4. 4.0 4.1 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (17 Lúnasa 2023). "‘Barbie’ nó ‘Oppenheimer’? B’fhéidir gur Barbenheimer an freagra ar an mbáisteach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-03-11). ""Éireannach bródúil" - Gradam Oscar ag Cillian" (as ga-IE). 
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (16 Márta 2024). "‎Nuacht Mhall: (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  7. "‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-12). Dáta rochtana: 2024-03-16.
  8. RnaG (2024-01-24). "Breandán Ó Murchú;Trácht air a mhac,an t-aisteoir Cillian Ó Murchú. Deineann a athair,Breandán, cur síos anseo ar a mhac, agus an spéis a bhi aige san aisteoireacht agus é óg go maith." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.