Joseph John Thomson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
L.L. Thomson

Fisicí a rugadh i Cheetham Hill, gar do Mhanchain ab ea Joseph John Thomson (18 Nollaig 185630 Lúnasa 1940). Rinne sé taighde ar sheoladh srutha leictrigh trí ghás. Rinne sé turgnamh cáiliúil chun cóimheas lucht leictreach is mhais an leictreoin a thomhas. Chruthaigh sé i 1897 gur cáithníní faoi ardghluaisne iad na gathanna sa bhfeadán ga-chatóideach. Rinne sé amach go raibh na cáithníní seo (leictreoin) timpeall 2,000 oiread níos lú ná an cáithnín ba lú éadroime a bhí ar eolas ag an am, an t-ian hidrigine. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1906.