Risteard de Hindeberg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRisteard de Hindeberg
Beathaisnéis
Breith18 Meán Fómhair 1863
Barr Beithí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Márta 1916
52 bliana d'aois
Port Lách Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAn Charraig Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad
Ollscoil Greifswald
Coláiste Eoin, Port Láirge
Ollscoil Freiburg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcléireach, focleolaí Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart, múinteoir, ceoltóir, bailitheoir ceoil, údar, agus gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea Risteard de Hindeberg (nó Richard Henebry).[1] Thug sé “Risteard de Hindeberg” air féin i nGaeilge toisc go ndúradh go raibh sé de shliocht an uasail Normannaigh Philip de Hynteberge (nó de Hindeberg), tiarna dhúiche na Rátha i gContae Átha Cliath sa bhliain 1250.[2]

Rugadh ar 18 Meán Fómhair 1863 i mBarr Beithí, Port Lách, Contae Phort Láirge é, agus bhí Gaeilge aige ón gcliabhán.[3] Fuair sé léann sagairt i gColáiste Eoin, Port Láirge agus i gColáiste Phádraig, Má Nuad.[4] Oirníodh ina shagart é i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1892,[5] agus chaith sé tamall mar shagart i Sasana, ar dtús i ndeoise Salford, ansin in Whittington agus in Hulme. Rinne sé tuilleadh staidéir sa Ghearmáin in ollscoileanna Greifswald (le Rudolf Thurneysen) agus Freiburg (le Heinrich Zimmer). Scríobh sé tráchtas ar chanúint na nDéise, agus bronnadh céim dochtúireachta air. Deirtear gurbh é an chéad duine le Gaeilge ó dhúchas a rinne Ph.D. sa teangeolaíocht.

Sa bhliain 1898, ceapadh é in Ollúnacht na Gaeilge sa Léann Ceilteach in Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá in Washington, D.C.; ba é Ord Ársa na nÉireannach a mhaoinigh an ollúnacht.[6] Bhí an post sin aige ar feadh tamaill ghairid sular bhog sé go hOllscoil Berkeley i gCalifornia. Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge Mheiriceá. Bhí an eitinn air ar feadh a shaoil fhásta ar fad,[7] agus theip ar a shláinte tar éis thart ar bhliain in Berkeley. Dá bharr sin, d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1903 agus mhúin sé ar feadh tamaill i gColáiste Eoin. Tar éis bhunú Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1908, ceapadh é ar an gcéad ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.[8]

Chabhraigh sé le bunú an Choláiste Gaeilge i nGaeltacht na Rinne i 1909. Rinne sé go leor taifead de cheol Éireannach ar shorcóirí céarach freisin.

Fuair sé bás i ngar do Phort Lách ar 17 Márta 1916, agus cuireadh sa Charraig Bheag, Co. Phort Láirge é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “DE HINDEBERG, Risteard (1863–1916) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Ciarán Carson. "The Musical Priest". Dáta rochtana: 2022-08-03.
  3. "Henebry’s Irish Music and Earlier Studies, 1903". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-25. Dáta rochtana: 2022-08-03.
  4. Fr Risteard De Hindeberg People in Waterford History - 20th Century.
  5. ‘The Forgotten Voice’ The Richard Henebry (1863-1916): Collection of Irish Music Curtha i gcartlann 2022-08-03 ar an Wayback Machine by MacAuliffe, Christopher, Masters Thesis, WIT (2012)
  6. The Musical Priest by Ciaran Carson, The Journal of Music, 1 February 2010.
  7. Fr. Richard Henebry, fiddle player, piper, academic, collector Munster Express, Thursday, 13 November 2008.
  8. Canon Patrick Power A Talk Curtha i gcartlann 2014-01-02 ar an Wayback Machine by Msg. Michael G. Olden presented at Canon Patrick Power Seminar, WIT, 8 March 2012