Rudolf Thurneysen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRudolf Thurneysen
Beathaisnéis
Breith14 Márta 1857
Basel, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Lúnasa 1940
83 bliana d'aois
Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Freiburg
Ollscoil Jena
Ollscoil Bonn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
Duine muintearthaMaximilian Sell (mac cleamhnais) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ba theangeolaí Eilvéiseach agus scoláire i réimse an Léinn Cheiltigh freisin é Eduard Rudolf Thurneysen (14 Márta 18579 Lúnasa 1940).[1]

Saolaíodh é i mBasel san Eilvéis agus rinne Thurneysen staidéar ar an bhfocleolaíocht chlasaiceach i mBasel, i Leipzig, i mBeirlín, agus i bPáras. I measc a chuid múinteoirí bhí Ernst Windisch agus Heinrich Zimmer.[2] Bronnadh promotion (ionann is dochtúireacht) air sa bhliain 1879 agus bronnadh habilitation (céim níos airde ná dochtúireacht) sa Laidin agus sna teangacha Ceilteacha air i 1882 ag Ollscoil Jena.

Theagasc sé Laidin ag Ollscoil Jena ó 1885 go dtí 1887. Ina dhiaidh sin, ghlac sé le hOllúnacht na focleolaíochta comparáidí ag Ollscoil Fhreiburg-im-Breisgau[2] mar chomharba ar Karl Brugmann, saineolaí mórchlúiteach ar an teangeolaíocht Ind-Eorpach.

Foilsíodh a mhórshaothar Handbuch des Alt-Irischen sa bhliain 1909. D’fhorleathnaigh agus d’aistrigh D. A. Binchy agus Osborn Bergin go Béarla é leis an teideal A Grammar of Old Irish. Tá an leabhar i gcló go fóill chomh deireanach le 2006.[2] Bhog Thurneysen go dtí Ollscoil Bhonn i 1930. Is sa tréimhse seo a bhí cáil air mar an saineolaí Shean-Ghaeilge ab fhearr ina ré.

D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1923 agus fuair sé bás i mBonn in 1940. Tugtar Léacht Cuhimhneacháin Rudolf Thurnseysen (Gearmáinis: Vortrag in Memoriam Rudolf Thurneysen) i mBonn mar chomhartha na hurraime dó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • A grammar of Old Irish (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2003. ISBN 1-85500-161-6
  • Old Irish reader (aistrithe ag D. A. Binchy agus Osborn Bergin), Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 1981. ISBN 0-901282-32-4
  • Scéla mucce Meic Dathó, Dublin Institute for Advanced Studies, reprinted 2004. ISBN 1-85500-022-9

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]