Liosta monarcaí na Gearmáine
Liostaíonn an t-airteagal seo monarcaí na Gearmáine, iad siúd a rialaigh na críocha i Lár na hEorpa ina labhraítí an Ghearmáinis ó chruthú Ríocht na nOir-Fhrancach (Ríocht Lughaidh) sa bhliain 843 go dtí deireadh Impireacht na Gearmáine sa bhliain 1918. Áiríonn sé freisin cinnirí Chónaidhmeanna éagsúla na Gearmáine tar éis titim na hImpireachta Naofa Rómhánaí, sa bhliain 1806.
Tá an caidreamh idir an teideal "rí" agus "impire" sa cheantar ar a dtugtar an Ghearmáin sa lá atá inniu ann díreach chomh casta le stair agus struchtúr na hImpireachta Naofa Rómhánaí í féin. Bhí Ríocht na Gearmáine ann roimh Impireacht na Gearmáine.
- Cuireadh tús le Ríocht na Gearmáine tar éis Conradh Verdun, sa bhliain 843, nuair scoilteadh Ríocht na bhFranc. Cruthaíodh an Ríocht Oir-Fhrancach nó Ríocht Lughaidh as oirthear na ríochta agus thug na ríthe rex Francorum orthu féin, sé sin 'rí na bhFranc agus níos déanaí 'rex' amháin. Ní raibh aon tagairt do "Gearmánaigh", rud a léireofaí teacht chun cinn náisiún Gearmánach de chineál éigin, go dtí an aonú haois déag, nuair a thagair an Pápa dá namhaid Anraí IV mar 'rex teutonicorum', nó rí na nGearmánach', d'fhonn é a bhrandáil mar eachtrannach. D'aisfhreagair na ríthe go seasta ag baint úsáide as an teideal 'Rex Romanorum', 'Rí na Rómhánach', chun béim a leagan ar a riail uilíoch fiú sula raibh Impireacht acu. D'fhan an teideal seo leo go dtí deireadh na hImpireachta sa bhliain 1806.
- Ní raibh Ríocht na Gearmáine go hiomlán oidhreachtúil; in áit, bhí an tsinsearacht ina ceann amháin de na fachtóirí a chinneadh comharbas na ríthe. Thoghadh na huaisle an rí go foirmiúil, ag leanúint le traidisiún na bhFranc. De réir a chéile, is ar an ngrúpa prionsaí ar a dtugtar na toghthóirí (Gearmáinis: Die Kurfürsten) amháin a leagadh an phribhléid agus thug an Bulla Órga sa bhliain 1356 sainmhíniú foirmiúil ar imeachtaí an toghcháin.
- Sa Mheán-Aois, níor ghlac an rí leis an teideal "Impire" (ón bhliain 982 ba é an teideal iomlán ná Imperator Augustus Romanorum, Impire Urramach na Rómhánach) go dtí gur bhronn an Pápa an choróin air. Ar dtús, bhí air Coróin Iarainn na Lombairde (Corona Ferrea) a fháil, tar éis sin ghlac sé an teideal rex Italiae, Rí na hIodáile. Ina dhiaidh sin uilig, bheadh air dul ar aghaidh go dtí an Róimh agus bhronnadh an Pápa Coróin na hImpireachta air.
- Ba é Maximilian I an chéad rí a d'iompraigh an teideal Impire-tofa. Tar éis gur theip ar a iarracht chun máirseáil go dtí an Róimh sa bhliain 1508 agus an choróin a fháil ón Phápa, d'fhógair sé féin ina Impire-tofa le toiliú an Phápa. Ghlac a chomharba Séarlas V leis an teideal Impire-tofa freisin i ndiaidh a chorónú sa bhliain 1520 go dtí gur bhronn an Pápa coróin na hImpireachta air sa bhliain 1530. Ó Ferdinand I ar aghaidh, bhí gach Impire ina Impire-tofa, ach de ghnáth thagraítí dóibh mar Impirí. Ag an am céanna, thagraítí dóibh siúd a bhí tofa ina gcomharbaí mar Rí na Rómhánach, má bhí siad tofa ag coláiste na dToghthóirí le linn a réamhtheachtaí bheith beo.
An Ríocht Oir-Fhrancach, An Impireacht Naofa Rómhánach 843-1806
[cuir in eagar | athraigh foinse]Clúdaíonn an rannóg seo an Ríocht Oir-Fhrancach, an chuid thoir den Impireacht Fhrancach de dheasca chrích dheighilt na hImpireachta a chuireadh i bhfeidhm faoi théarmaí Chonradh Verdun sa bhliain 843. Níos déanaí, thugtaí Ríocht na Gearmáine, a bhí ina phríomhchuid (agus ansin ina chuid aonair) den Impireacht Naofa Rómhánach (an Náisiúin Gearmánach).
Bhí Ríocht na Gearmáine comhdhéanta ní hamháin as na críoch na Gearmáine sa la atá inniu ann, ach freisin as críocha na hOstaire, na hEilvéise, Phoblacht na Seice, na Slóivéine, agus na dTíortha faoi Thoinn, chomh maith le codanna den Fhrainc, den Iodáil agus den Pholainn
Ríthe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liostáiltear impirí i gcló trom agus bíonn ríthe comhraic, antai-ríthe, agus leasríthe sóisearacha i gcló iodálach.
Ainm | Teach | Rí | Impire | Críochnaithe | Nótaí |
---|---|---|---|---|---|
Lughaidh Gearmnach (Ludwig II der Deutsche) |
Cairilínseach | 11 Lúnasa 843 | — | 23 Lúnasa 876 | Mac an Impire Lughaidh Cráifeach agus garmhac Shéarlais Mhóir |
Lughaidh Óg (Ludwig III der Jüngere) |
Cairilínseach | 28 Lúnasa 876 | — | 20 Eanáir 882 | Rialaigh sé san Ríocht Oir-Fhrancach, an tSacsain, ón bhliain 880 agus freisin sa Bhaváir |
Carloman (Karlmann) |
Cairilínseach | 28 Lúnasa 876 | — | 22 Márta 880 | Mac Lughaidh Gearmnach; ruled in Bavaria; from 877 also King of Italy |
Séarlas Ramhar (Karl III, der Dicke) |
Cairilínseach | 28 Lúnasa 876 | 12 Feabhra 881 | 11 Samhain 887 | |
Arnulf na Carinthia (Arnulf von Kärnten) |
Cairilínseach | 30 Samhain 887 | 25 Aibreán 896 | 8 Nollaig 899 | |
Lughaidh an Leanbh (Ludwig IV das Kind) |
Cairilínseach | 21 Eanáir 900 | — | 20/24 Deireadh Fómhair 911 | |
Conrad I (Konrad I) |
Conradine (Franconian) | 10 Samhain 911 | — | 23 Nollaig 918 | |
Anraí Foghlaera (Heinrich I der Vogler) |
Liudolfing | 23 Aibreán 919 | — | 2 Iúil 936 | |
Arnulf an t-olc (Arnulf der Böse, Herzog von Bayern) |
Luitpolding (Bavarian) | 919 | — | 921 | |
Otto I, Impire Naofa Rómhánach (Otto I der Große) |
Ottonian | 7 August 936 | 2 February 962 | 7 May 973 | |
Otto II Rua (Otto II) |
Ottonian | 26 May 961 | 25 December 967 | 7 December 983 | |
Otto III (Otto III) |
Ottonian | 25 December 983 | 21 May 996 | 21 January 1002 | |
Anraí II (Heinrich II der Heilige) |
Ottonian | 7 June 1002 | 26 April 1014 | 13 July 1024 | |
Conrad II (Konrad II) |
Salian (Frankish) | 8 September 1024 | 26 March 1027 | 4 June 1039 | |
Anraí III (Heinrich III) |
Salian | 14 April 1028 | 25 December 1046 | 5 October 1056 | |
Anraí IV (Heinrich IV) |
Salian | 17 July 1054 | 21 March 1084 | 31 December 1105 | |
Rudolf von Rheinfeld (Rudolf von Rheinfelden) |
Rheinfeld | 15 March 1077 | — | 15 October 1080 | |
Hermann von Salm (Hermann von Luxemburg, Graf von Salm) |
Salm | 6 August 1081 | — | 28 September 1088 | |
Conrad (Konrad) |
Salian | 30 May 1087 | — | 27 July 1101 | |
Anraí V (Heinrich V) |
Salian | 6 January 1099 | 13 April 1111 | 23 May 1125 | |
Lothair III (Lothar III) |
Supplinburger | 30 August 1125 | 4 June 1133 | 4 December 1137 | |
Conrad III (Conrad III) |
Hohenstaufen | 7 March 1138 | — | 15 February 1152 | |
Anraí Berengar (Anraí (VI)) |
Hohenstaufen | 30 March 1147 | — | August? 1150 | |
Feardorcha I Barbarossa (Friedrich I Barbarossa) |
Hohenstaufen | 4 March 1152 | 18 June 1155 | 10 June 1190 | |
Anraí VI (Heinrich VI) |
Hohenstaufen | 15 August 1169 | 14 April 1191 | 28 September 1197 | |
Feardorcha II (Friedrich II) |
Hohenstaufen | 1197 | — | 1197 | |
Pilib na Suáive (Philipp von Schwaben) |
Hohenstaufen | 6 March 1198 | — | 21 August 1208 | |
Otto IV (Otto IV von Braunschweig) |
Welf | 29 March 1198 | 4 October 1209 | 5 July 1215 | |
Feardorcha II (Friedrich II) |
Hohenstaufen | 5 December 1212 | 22 November 1220 | 26 December 1250 | |
Anraí (Heinrich (VII)) |
Hohenstaufen | 23 April 1220 | — | 15 August 1235 | |
Conrad IV (Konrad IV) |
Hohenstaufen | May 1237 | — | 1 May 1254 | |
Anraí Raspe (Heinrich Raspe) |
Thuringia | 22 May 1246 | — | 16 February 1247 | |
An Cúnta Wilhelm II na hOllainne (Wilhelm von Holland) |
Holland | 3 October 1247 | — | 28 January 1256 |