Conrad I na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Conrad I na Gearmáine
Rí Oir-Fhrancach
The King Conrad I enthroned.jpg
An rí Conrad, ar an suíochán ríoga. Spieghel Historiael, Jacob van Maerlant, c. 1330
Réimeas 10 Samhain 911 – 23 Nollaig 918.
Dáta breithe circa 881.
Áit bhreithe Altötting, An Bhaváir
Dáta báis 23 Nollaig, 918
Áit bháis Weilburg
Comharba Anraí Foghlaera
Rítheaghlach Na Conradaigh

Ba é Conrad I (Gearmáinis: Konrad; c. 881-23 Nollaig 918), ar a dtugtar 'Óg', Diúc na Francóine ón bhliain 906 agus Rí na Gearmáine ó 911 go dtí 918, agus an t-aonú rí den ríshliocht na gConradach. Cé nár úsáid Conrad riamh an teideal rex Teutonicorum ("rí na nGearmánach") ná rex Romanorum ("rí na Rómhánach"), ba é an chéad rí Oir-Fhrancach é a bhí tofa ag rialóirí na dtreabh-diúcachtaí (Gearmáinis:Stammesherzogtum), mar chomharba ar an rialóir Cairilínseach deireanach Lughaidh an Leanbh. D'eascair an tImpireacht Naofa Rómhánach as Ríocht na Gearmáine s'aigesan, le chorónú an Impire Otto I sa bhliain 962.