Anraí Foghlaera
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anraí I Anraí Foghlaera |
|
|---|---|
| Anraí I, le héanadáin san fhoraois, ag fáil an choróin ríoga. ( péintéireacht de chuid Hermann Vogel, 1900). | |
| Réimeas | 24 Bealtaine 919 – 2 Íúil 936 |
| Dáta breithe | c. 876 |
| Áit bhreithe | Memleben, An tSacsain-Anhalt |
| Dáta báis | 2 Iúil 936 |
| Áit bháis | Memleben |
| Réamhtheachtaí | Conrad I |
| Comharba | Otto I |
| Rítheaghlach | Ottónach |
| Céile | Hatheburg |
Diúc na Sacsaine ón bhliain 912 agus rí na Gearmáine ón bhliain 919 go dtí a bhás a bhí in Anraí Foghlaera (Gearmáinis: Heinrich der Finkler nó Heinrich der Vogler; Laidin: Henricius Auceps) .
B'é Anraí I a bhunaigh an Ríora Ottónach, meastar, go ginearálta, gurb é a chéad bhunaigh an stát meánaoiseach Gearmánach, ar a dtugtaí ag an am sin an Fhrancóin Thoir nó (Laidin:Regnum Francorum orientalium). Sealgaire díograiseach, fuair sé an leasainm "Anraí Foghlaera" toisc go raibh sé ag socrú líonta i gcomhair fiaigh nuair a tháinig teachtairí chuige lena chuir in iúl dó go mbeadh sé ina rí.