Ríshliocht Ottonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ríshliocht Ottonach

Ba ríshliocht de ríthe na Gearmáine (919-1024) ab ea An Ríshliocht Ottonach. Tagann an t-ainm ó ainm an chéad Impire, Otto I (nó "Otto Mór"). Breathnaítear ar an teaghlach seo mar an chéad ríshliocht den Impireacht Naofa Rómhánach.

Ríshliocht ríthe Gearmánach (919-1024) ab ea Ríshliocht Ottonach. Tagann an t-ainm ó ainm an chéad Impire, Otto I (nó "Otto Mór"). Feictear ar an teaghlach seo mar an chéad ríshliocht den Impireacht Naofa Rómhánach.

Toghadh Anraí I (Anraí Foghlaera) mar Rí na Gearmáine agus mar sin bhí a mhac, Otto Mór in ann bheith mar an tImpire nuair a chruthaíodh an Impireacht. Faoi réimeas an ríshleachta seo, aontaíodh oirthear na bhFrainc faoin aon Impireacht amháin nuair a tháinig an Lorráin, an tSacsain, an Fhrancón, an tSuáb, an Túraing agus an Bhaváir le chéile. Cabhraigh aontú na Gearmáine le cruthú an Impireacht Naofa Rómhánach. Thosaigh ré na hImpireachta seo, a raibh ról mór aige i stair na Gearmáine go dtí an bhliain 1806, le corónú Otto Mór sa Róimh sa bhliain 962. Theip ar athbhunú Impireacht na Róimhe faoi réimeas Otto III áfach, agus tháinig deireadh leis an Ríshliocht le bás Anraí II sa bhliain 1024 agus thit an corón go Ríshliocht na Francóine (nó Sailíneach). Phós Luitgard, iníon Otto I, Conrad Rua na Lorráine, Diúc na Francóine a chéile agus ba é a shin-gharmhac, Conrad II, Impire Naofa Rómhánach.