Inis Oírr
(ga) Inis Oírr | |||||
Cineál | Oileán agus an Ghaeltacht | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Oileáin Árann | ||||
Logainm.ie | 18684 | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Contae na Gaillimhe, Éire | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 57 m | ||||
Achar | 8 km² | ||||
Tugtar Inis Oírr[1], Inis Oirthir nó Inis Thiar go minic ar an oileán is lú de chuid Oileán Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gcuan na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Tá Inis Meáin agus Inis Mór suite ar an taobh thiar d'Inis Oírr.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Naomh Caomhán éarlamh an oileáin. Ba dheartháir leis é Naomh Caoimhin, bunaitheoir Ghleann Dá Loch. Cé go dtugtar Inis Oírr ar an oileán go hoifigiúil, bhíodh ainm oifigiúil eile, Inis Oirthir, air roimhe sin, agus tugtar Inis Thiar air go traidisiúnta.
An t-oileán sa lá atá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá timpeall 300 duine ina gcónaí ar an oileán faoi láthair, agus tá sé suite i nGaeltacht Chonnacht.Tagann eathar ann ó Ros an Mhíl i gConamara agus ó Dhúlainn i gContae an Chláir, chomh maith leis na hoileáin eile. Baineann tábhacht mhór leis an turasóireacht ar an oileán. Chomh maith le sin, tagann go leor daoine ann agus iad ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú.
An Ghaeilge ar Inis Oírr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá An Ghaeilge fós mar theanga an phobail ar Inis Oírr. I ndaonáireamh 2016 dúirt 90.7% de mhuintir an oileáin go raibh Gaeilge acu agus dúirt 85.1% den ndaonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá. Bhí scata teanga á labhairt i dtithe Inis Oírr sa bhliain 2016 nuair a deineadh an daonáireamh deireanach. Bhí An Liotuáinis mar theanga an bhaile ag cúigear(5), bhí An Fhraincis sa bhaile ag ceathrar(4) agus bhí An Pholainnis sa bhaile ag triúr(3).
Siúlóid Inis Oírr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógann an tsiúlóid seo idir 3½ agus 4 uaire an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.
Cnoc Raithní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor thángthas ar an séadchomhartha seo nó go raibh feiceáil air i ndiaidh stoirme sa bhliain 1885. Tá sé ann ó aimsir na Cré-umhaoise, 1500 R.C., agus dar leis na saineolaithe, tógadh mar charn adhlactha é. De réir an tseanchais ba iad na Firboilg an chéad dream a raibh cónaí orthu ar an oileán tar éis dóibh teitheadh ann le n-éalú ó lucht ionsaithe.
Teampall Chaomháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Caomhán ina dheisceabal le Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as. Feictear dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise ar am mbealach isteach sa reilig. Tá Leaba Chaomháin le feiceáil sa reilig freisin.
An Plassey
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh gach éinne a bhí ar bord. Níos faide amach tá teach solais atá 37m ar airde le feiceáil. Oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Scairteann a sholas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche.
Cill na Seacht nIníon
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fothrach de mhainistir taobh istigh de dhún beag cloiche í Cill na Seacht nIníon. Tá altóir agus cloch a bhfuil crios greanta isteach inti le feiceáil anseo.
Caisleán Uí Bhriain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is caisleán trí stóir é seo a thóg na Brianaigh a bhí in úinéireacht an oileáin go dtí an bhliain 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Fhormna, dún a thóg daoine an oileáin sa Chlochaois.
Tobar Éanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear go raibh cónaí ar Naomh Éanna i gclochán coirceogach in aice láimhe agus is mór an t-ómós atá ag na hoileánaigh don tobar seo. De réir an tseanchais, is deachomhair é má éiríonn leat eascann a fheiceáil sa tobar.
Cill Ghobnait
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh an séipéilín beag seo san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne, go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar mhórthír na hÉireann.
Teach Solais Inis Oírr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh é sa bhliain 1857. Sa mbliain 1818 rinneadh Teach Solais Eochalla ar Inis Mór. Níorbh fhada gur tugadh faoi deara nach san áit ab fheiliúnaí a rinneadh é. Bhí sé le rá ag captaen loinge darbh ainm an Captaen White go raibh Teach Solais Eochalla 413 troigh os cionn leibhéal na farraige agus gur túisce a d’fheicfí na carraigeacha as long ná an solas a bhí sé a scaladh.[2]
Ba é an réiteach a bhí ar an scéal sa deireadh gur socraíodh an teach solais sin a dhúnadh agus dhá theach solais eile a dhéanamh, ceann siar ó thuaidh ó Inis Mór agus ceann ar Inis Oírr. Comhlacht as Baile Átha Cliath a rinne an dá theach solais nua. Dream as Birmingham a chuir an solas i dTeach Solais Inis Oírr. Thart ar mhilliún go leith euro an ceann in airgead an lae inniu a chosain siad. Tosaíodh á dtógáil sa mbliain 1853 agus bhí an obair críochnaithe faoin mbliain 1857. Dúnadh Teach Solais Eochalla ansin.
Sa mbliain 1913 cuireadh lampa speisialta pairifín i dTeach Solais Inis Oírr agus cuireadh ag scaladh chuile dheich soicind é. Sa mbliain 1978 cuireadh córas leictreachais ag obair ann. Inniu tá muintir Inis Oírr ag éileamh go ndéanfaí forbairt ar Theach Solais Inis Oírr.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Áine Ní Bhreisleáin. (2022). Mheall Inis Oírr mo chroí agus is fiú go mór cuairt a chur air. Seachtain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Inis Oírr/Inisheer | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (31 Eanáir 2023). "Muintir Inis Oírr ag súil le leas a bhaint as Teach Solais an oileáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.