Gearóid Ó Cuinneagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Duine de na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge a bhí i nGearóid Ó Cuinneagáin (2 Eanáir, 1910-13 Meitheamh, 1991). Rugadh i mBéal Feirste é ar an 2 Eanáir 1910. Bhí sé in aon rang leis an scríbhneoir Séamus Ó Néill i scoil na mBráithre Críostaí i Sráid Duibhise.

Chuaigh sé ag obair sa Státseirbhís i mBaile Átha Luain i 1927 mar oifigeach cánach, chaith sé tamall gearr i gCaisleán an Bharraigh agus timpeall trí bliana sa Roinn Cosanta. D'éirigh sé as a phost nuair a diúltaíodh saoire leathbhliana dó chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Chaith sé cúpla bliain i Rinn na Feirste i dTír Chonaill sular thosaigh sé leis an iriseoireacht sa pháipéar An tÉireannach. D'oscail sé biúró sainchomhairle cánach, Ó Cuinneagáin agus Cooke, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1937.

Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ó Cuinneagáin páirt tábhachtach i ngluaiseachtaí beaga éagsúla a bhí ag obair ar son na Fearsaide: Cumann Náisiúnta (nó 'Irish Friends of Germany'), Clann na Saoirse agus Aicéin (eagraíocht óige an pháirtí Córas na Poblachta). Is ar éigean a d'éalaigh sé tréimhse i gcampa géibhinn nuair a dhíscaoil an Rialtas Cumann Náisiúnta mar gluaiseacht fealltach i ndeireadh na Bealtaine 1940.

Ar an 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé Craobh na hAiséirghe de Chonradh na Gaeilge, craobh a raibh daoine cáiliúla go leor ina mbaill de: Donncha Ó Súilleabháin, Pádraig Ó Drisceoil, Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim, Aogán Brioscú, Annraoi Ó Liatháin, Seán Ó hÉigeartaigh, Ciarán Ó Nualláin, Cathal Ó Sandair agus daoine eile. Ba í seo an chraobh ba dhíograisí sa Chonradh le cruinnithe sráide, agóidíocht, drámaí, taispeántais, oícheanta áirneáin, ranganna agus foilseachán á n-eagrú go tiubh acu. Tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach ag mórchruinniú na craoibhe sa bhliain 1941 agus ainmníodh é mar iarrthóir d'uachtaránacht an Chonradh. Níor éirigh lena iarracht, ach toghadh ar Choiste Gnó an Chonartha é agus bhí buíon bheag dhíograiseach dá chuid in aontíos le chéile ag obair ar son na cúise.

Bhí eití eile den eagraíocht amhrasach faoi Ghearóid agus a chuid aidhmeanna áfach, agus cuireadh a chraobh amach as an gConradh. Rinneadh Glúin na Buaidhe as an eagraíocht a d'eascair as Ailtirí na hAiséirghe, iarracht a rinne Ó Cuinneagán chun páirtí polaitiúil a bhunú sa bhliain 1942. Sheas iarrthóirí in olltoghchán na bliana 1943 agus 1944 ach níor éirigh le duine ar bith acu. D'éirigh leo naoi suíocháin a bhaint amach, áfach, ins na toghcháin áitiúla na bliana 1945.

Ba ina pháipéar seachtainiúil, Aiséirí, a chuir an Cuinneagánach a dhearcadh polaitiúil in iúl, agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar fhimínteacht pholaiteoirí na hÉireann. "Éire shaor, Ghaelach, agus fhíor-Chríostúil" a bhí uaidh, agus d'fhógair sé gur cheart an lámh láidir a úsáid chun na Sasanaigh a ruaigeadh as Éirinn agus "Impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú", teachtaireacht a bhí róghar don Fhaisisteachas do mhórchuid na nGael.

Ba i mBéarla a bhí formhór an ábhair in Aiséirí mar gur beag scríbhneoir Gaeilge a bhí sásta tacú leis. Ach bhí ábhar measartha maith san iris a bhunaigh sé, 'Deirdre, iris na mBan'.

Bhí baint éigin aige le cúrsaí gnó, agus gnó foilsitheoireachta aige darbh ainm Cló Grianréime, ach bhí sé bocht go leor ar feadh a shaoil.

Phós sé Síle Ní Chochláin i 1945 agus bhí seisear clainne orthu. Fuair sé bás ar an 13 Meitheamh 1991.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • R.M. Douglas, Architects of the Resurrection: Ailtirí na hAiséirghe and the Fascist 'New Order' in Ireland (Manchester University Press, 2007), ISBN 978-0-7190-7998-6.
  • P. Mac Aonghusa, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge, 1893-1993 (Conradh na Gaeilge, 1993).