Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
|
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
|
|---|---|
| Bunaithe | 1849 |
| Seansailéir | George J. Mitchell |
| Foireann teagaisc | 1,600 |
| Fochéimithe | 19,165 |
| Iarchéimithe | 5,395 |
| Láthair | Béal Feirste, Tuaisceart Éireann |
| Seoladh | Bóthar na hOllscoile, Béal Feirste BT7 1NN |
| Teileafón | +353 (0)48 90245133 nó +44 (0)28 90245133 |
| Comhcheangail | Russell, UUK, UI |
| Láithreán Gréasáin | http://www.qub.ac.uk/ |
![]() |
|
Ollscoil is ea Ollscoil na Banríona, Béal Feirste atá suite i mBéal Feirste, Ulaidh. Tugtar Queen's University, Belfast (QUB) uirthi as Béarla, nó The Queen's University of Belfast go hoifigiúil.
Stair[athraigh]
Bunaíodh Coláistí na Banríona sa bhliain 1845 i nGaillimh, i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Nascadh na coláistí seo le chéile sa bhliain 1850 faoin ainm Queen's University of Ireland. Bunaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann sa bhliain 1851 tar éis don Phápa Coláistí na Banríona a cháineadh in 1847. Tháinig deireadh le freasúra na gCaitliceach in éadan na hOllscoile nuair a rinneadh Ollscoil Ríoga de sa bhliain 1879. D'athraigh an Ollscoil Chaitliceach a hainm go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath níos déanaí.
Atheagraíodh na hollscoileanna le hacht na bliana 1908. Cuireadh na coláistí ríoga i gCorcaigh agus i nGaillimh agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in Ollscoil na hÉireann, agus fágadh an coláiste a bhí i mBéal Feirste leis féin mar Ollscoil na Ríona. Aithníodh institiúidí eile mar choláistí aitheanta de chuid Ollscoil na hÉireann de réir a chéile, an ollscoil phápúil i Má Nuad agus na coláistí oiliúna do mhúinteoirí go háirithe.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
