Séamus Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir Éireannach ó Chaisleán Uidhilín, Contae an Dúin ab ea é Séamus Ó Néill (1910 - 1986).

Saol[athraigh | edit source]

Bhain sé bunchéim amach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, agus ansin rinne sé taighde i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath faoi stiúir Eoin Mhic Néill. D'fhrestail sé ar ollscoil in Innsbruck na hOstaire freisin. Ghlac sé post ag múineadh i gColáiste Carysfort. Chaith sé tréimhsí mar eagarthóir ar An Iris agus Comhar.

Saothar[athraigh | edit source]

Príomhalt: Subh Milis

Is é Subh Milis an dán is cáiliúla dár chum Ó Néill. Scríobh sé gearrscéalta don aos óg (An Seansaighdiúir) agus úrscéalta, go háirithe Máire Nic Artáin, leabhar soléite i nGaeilge Uladh den chéad scoth a ríomhann scéal grá an chailín Chaitlicigh agus an bhuachalla Phrotastúnaigh i mBaile Átha Cliath i dtús na 20ú haoise.

Saothar[athraigh | edit source]

  • An Sean-saighdiúir agus Scéalta Eile , 1945.
  • An iris/eagarth , 1945-1946.
  • Colm Cille : drama i gceithre radharcanna , 1946.
  • Tonn tuile (Tidal Wave), úrscéal, Sáirséal agus Dill, 1947.
  • Dánta , roimh-1949;
  • Iomramh an Ousel (The Voyage of the Ousel), Dánta, roimh-1949;
  • Buaidh an Ultaigh , Dráma, pre-1949;
  • Díolta Faoina Luach , Dráma, pre-1949;
  • Ní Chuireann Siad Síol , Dráma, pre-1949;
  • Dánta do pháistí , 1949.
  • Súil timpeall (Eye Around), Aiste, 1951.
  • Up the Rebels, Oifig an tSoláthair, 1954. Trans. Doiminic Ó Ceallaigh.
  • Ag baint fraochán : agus scéalta eile 1955

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • The Oxford Companion to Irish Literature, Welch, R. (eag), The Clarendon Press, Oxford, 1996.
  • A Biographical Dictionary of Irish Writers, Anne Brady & Brian Cleeve (eagarthóirí), The Lilliput Press, 1985.
  • Dictionary of Ulster Biography, i Newmann, K. (comp.), Coláiste na Ríona, Béal Feirste, 1993.
  • Séamus Ó Néill bibliography James Hardiman Library, UCG
  • Máire Nic Artáin (Maire McCartan), úrscéal, Cló Morainn, 1959.
  • Iníon Rí Dhún Sobhairce : tragóid trí ghníomh, 1967.
  • Faill ar an bhFeart : dráma trí ghníomh , c.1970.
  • An tSiúr Pól : dráma trí ghníomh , c.1973.
  • Rún an Oileáin ,1975. Dráma a léiríodh ar stáitse Halla Damer, Baile Átha Cliath 5-10 Meitheamh, 1961.
  • Iníon rí na Spáinne, 1978.