Donald Trump
Is é Donald J. Trump an 45ú agus an 47ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Is fear gnó, infheisteoir agus pearsa teilifíse Meiriceánach é chomh maith. Is é an tUachtarán tofa is sine é riamh (78 bliain d'aois in 2024 agus a rugadh ar an 14 Meitheamh 1946). Is é Donald Trump an chéad iaruachtarán Meiriceánach riamh a cúisíodh i gcion coiriúil, rud a tharla i mí an Mheithimh 2023.[1]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Trump ar an 14 Meitheamh 1946 i Nua-Eabhrac. B'as Tunga i Leòdhas in Albain a mháthair. Níor labhair sí ach Gàidhlig suas go dtí 18 bliain d’aois slánaithe aici.[2][3]
B'as an Ghearmáin tuismitheoirí a athar, cé go ndúirt Trump le blianta gurbh as an Sualainn iad.
Tógadh an Trumpach i Queens, buirg de chuid Nua-Eabhrac. Bronnadh céim bhaitsiléara san eacnamaíocht ar Trump i mí Bealtaine 1968 ó Scoil Wharton (Ollscoil Pennsylvania).
Saol oibre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis an choláiste, chuaigh Trump isteach i gcuideachta a athar, E. Trump & Son, a d'fhorbair árasáin don mheánaicme i mbuirgí seachtracha Nua-Eabhrac. Bhí sé ina uachtarán ar an ngnólacht i 1974 agus bhí lámh aige in oscailt an t-óstán Grand Hyatt in Manhattan in 1980, agus Trump Tower in 1983.
Chomh maith leis sin, sna 1980í, d'oscail Trump óstán-casinos in Atlantic City, New Jersey, cheannaigh sé Óstán Plaza in Manhattan agus cheannaigh sé eastát Mar-a-Lago in Palm Beach, Florida, a rinne sé athchóiriú agus a iompú ina chlub príobháideach. I measc fiontar eile, bhí aerlíne agus foireann ghairmiúil peile aige sa USFL, nach maireann. Sa bhliain 1987, foilsíodh The Art of the Deal, cuimhní cinn Trump agus leabhar a raibh an-éileamh air.
In 2020, fuair an New York Times tuairisceáin chánach de chuid Trump thar thréimhse fiche bliain. Thuairiscigh Trump gur chaill sé na céadta milliún dollar. Idir 2010 agus 2020, theip air iasachtaí $287 milliún a aisíoc. I ndeich gcinn de na 15 bliana roimh 2020, níor íoc Trump aon cháin ioncaim, agus d'íoc sé $750 in 2016 agus 2017.
2016-Eanáir 2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis comórtais dhéin sna réamhthoghcháin, fuair Trump ainmniúchán na huachtaránachta ón bPáirtí Poblachtach i mí an Mheithimh 2016.[4]
Bhuaigh Trump an toghchán uachtaránachta ar 8 Samhain 2016. Vótáil níos mó daoine ar son Hillary Clinton áfach (beagnach trí mhilliún duine). Ach d’éirigh le Donald Trump an bua a fháil i níos mó stát.[5]
Agus é ag glacadh lena bhua, dúirt Trump, 70 bliain d'aois ag an am, go n-oibreodh sé ar son gach saoránach sa tír. D'iarr sé ar Mheiriceánaigh teacht le chéile agus an tír a thógáil as an nua.[5]
Ar an 20 Eanáir 2017, ghlac compántas an rinceora aitheanta Michael Flatley, "Lord of the Dance", páirt i searmanas insealbhaithe. Creidtear go raibh suas le 250,000 duine i láthair ag an searmanas idir Cnoc an Chaipeatóil agus an Teach Bán (Obama i 2009[6], 1.8 milliún).[7]
Ar an 22 Eanáir 2017, dúirt Trump go raibh calaois toghcháin ann (trí - cúig mhilliún duine) agus mar sin, vótáil níos mó daoine ar a shon. Ach níl fianaise ann chun bunús a thabhairt don éileamh sin, a dúirt na meáin ag an am.[8]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An geilleagar
Bhí fealsúnacht "cosantaíoch" ag Trump i gcónaí. Thug Trump le fios le linn 2016/7 go raibh sé i gceist aige teorainneacha níos láidre a chruthú agus go bhfuil margaí trádála níos fearr ag teastáil ó na Stáit Aontaithe chun dul i ngleic le heasnamh trádála Mheiriceá leis an gcuid eile den domhan, go háirithe leis an tSín.[9]
Lean Trump níos déanaí lena chuid polasaithe chun taraifí a chur ar iompórtálacha. In 2018, leag sé taraifí 25 faoin gcéad ar chruach agus 10 faoin gcéad ar alúmanam.[10]
Sin ráite, ba mheasa a bhagairt ná a bhuille, is féidir a áitiú. Mar shampla, i mí Eanáir 2017, dúirt Trump go ndéanfadh sé margadh trádála a thairiscint don Bhreatain taobh istigh de chúpla seachtain, rud nár tharla riamh (vótáladh Breatimeacht in 2016).[9]
- Beartas fioscach
Bhí beartas fioscach fáis aige. Mar shampla, tugadh isteach ciorruithe cánach do dhaoine a bhí ina suí go te.[11]
I rith an fheachtais toghchánaiochta, thug Donald Trump le fios go raibh rún aige ráta cáin chorporáideach na Stát Aontaithe a ísliú ó 35% go 15%. Bhí an ráta socraithe ag 21% i ndeireadh an lae.[12][11]
- An Meánoirthear
Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta do Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael. Mhaslaigh sé na Palaistínigh lena chuid cainte ag an am.[13]
Táinseamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 18 Nollaig 2019, tháinsigh Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe Trump ar dhá chúis, is é sin mí-úsáid chumhachta agus baicinníocht na Comhdhála. Chaith 230 vóta ar son an chéad chúis a chur agus 197 ina coinne; 229 vóta ar son an dara ceann agus 198 ina coinne. Ach ní raibh Seanad na Stát Aontaithe sásta dul níos faide.[14]
Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir 2021.
Ionsaí ar an Capitol, 6 Eanáir 2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur chaill Trump an toghchán in 2020 le breis is seacht milliún vóta, sheas sé leis an scéal gur aige a bhí an bua, bréag a spreag daoine chun ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól i mí Eanáir 2021.[15]
Rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump, Uachtarán Mheiriceá ag an am, ruathar ar Chaipeatól na Stát Aontaithe in Washington D.C. ar 6 Eanáir 2021.
Ar 29 Meitheamh 2022, thug Hutchinson fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanáir 2021. Thug sí fianaise ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol.
I mí Lúnasa 2022, rinne an FBI ruathar ar theach saoire Trump in Mar-a-Lago Palm Beach, Florida. Thug Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán. Choinnigh an t-iarUachtarán ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.[16]
Thugadar leo 26 bosca cáipéisí agus bhí 11 baisc acu sin a bhí marcáilte rúnaicmithe.[17]
As oifig, Eanáir 2021- Eanáir 2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn 2021 agus níos déanaí, bhí Trump á fhiosrú mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ruathar ar an gCaipeatól agus mar gheall ar an
láimhseáil a rinne sé ar cháipéisí rúnda i ndiaidh dó an Teach Bán a fhágáil,[15]
Ar 8 Samhain 2022, theip ar chuid mhór de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo i dtoghcháin lár téarma.
Ar 15 Samhain 2022, bhí sé fógartha ag Trump go bhfuil rún aige a bheith ina iarrthóir arís sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024. Bhí sé ag fógairt do dhaoine eile sa Pháirtí Poblachtach, a mbeadh fonn orthu a n-ainmneacha a chur chun cinn (gobharnóir Fhlorida Ron DeSantis agus gobharnóir Virginia Glenn Youngkin, mar shampla), gan teacht trasna air. D'fhéadfadh sé chomh maith, a deirtear, go bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as a iarrthóireacht mar sciath chosanta in aghaidh na líomhaintí coiriúlachta a bhí curtha ina leith.[19]
Conspóid Stormy Daniels
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear ina leith gur íoc dlíodóirí Trump $130,000 le Stormy Daniels,[20] aisteoir i scannáin do dhaoine fásta, iar-striapach (de réir Melania Trump) agus struipeálaí as Baton Rouge, Louisiana, le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí acu le chéile (sa bhliain 2006) faoi rún. Cúisíodh Trump in 2023 in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt di nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.[21][22]
Ócáid eisceachtúil a bhí ann, mar ib'é Trump an chéad uachtarán nó iaruachtarán de chuid na Stát Aontaithe dár tharla a leithéid.[23]
Mí-úsáid ghnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 9 Bealtaine 2023, fuair giúire i Nua-Eabhrac go ndearna iar-uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll sa bhliain 1995 / 1996 isan Bergdorf Goodman, siopa ilrannach i Nua Eabhrac.
Comhcheilg agus ráitis bhréige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 1 Lúnasa 2023, bhí sé curtha i leith Donald Trump gur chuaigh sé i mbun comhcheilge chun torthaí an toghcháin uachtaránachta in 2020 a chur ar ceal ar mhaithe le fanacht i gcumhacht.[24]
Eolas rúnda slándála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 8 Meitheamh 2023, bhí Trump cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil tar éis dó imeacht as an Teach Bán in 2021 agus i mbac a chur ar riar na córa. Bhí cúiseanna eile curtha ina leith chomh maith – comhcheilg a bheith ar bun aige agus ráitis bhréige a dhéanamh ina measc.[25][26]
Líomhnaítear gur thug Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán, beart a bheadh in aghaidh an dlí. Faoi Acht Thaifid an Uachtaráin, is leis an Rialtas gach ábhar oifigiúil agus ní mór é ar fad a chur ar fáil don chartlann ach a dtagann deireadh le téarma Uachtaráin. Choinnigh an t-iarUachtarán 15 bosca d’ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.[1]
I mí Lúnasa 2022, rinne gníomhairí ón FBI ruathar gan choinne ar eastát an iar-Uachtaráin in Florida Chuardaigh na gníomhairí an áit go mion agus thug siad leo na mílte cáipéis a bhí faoi ghlas i dtaisceadán.
De réir an dlí, ba cheart aon cháipéis rúnaicmithe a bhí ina sheilbh ag Trump a bheith tugtha ar láimh aige do Chartlann Náisiúnta na Stát Aontaithe nuair a tháinig deireadh lena théarma oifige.[25][26]
Ionchúiseamh Trump in Georgia
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 14 Lúnasa 2023, bhí iaruachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré in Georgia in iarracht a dhéanamh toradh thoghchán uachtaránachta na tíre in 2020 a chur ar ceal. Tugtar The State of Georgia v. Donald J. Trump, et al ar an gcás. [27]
Ciníochas
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 2023, thosaigh lucht Trump ag baint úsáide as an focal ‘Riggers’ chun ‘prosecutors’ a mhaslú, a n-intinn dírithe ar Willis go háirithe.[28] Ar a ardán meáin shóisialta, Truth Social, níor luaigh Trump ainm Willis, ach chuir sé cúisí ar na n-ionchúisitheoirí. ‘They never went after those that Rigged the Election,’ a dúirt Trump. ‘They only went after those that fought to find the RIGGERS!’ Is Meiriceánach Afracach í Willis agus is amhlaidh an bheirt ionchúisitheoirí atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, a rinne imscrúdú ar Trump chomh maith, a chúisigh Trump i mí Aibreáin as líomhnaithe ‘hush-money’[29].
Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheas Trump i dToghchán na hUachtaránachta 2024.
Ar an 13 Iúil 2024, rinneadh iarracht Donald Trump a fheallmharú.
Mhaígh Trump gur “shábháil Dia é agus cuspóir aige”.[30]
Rinneadh iarracht eile é a fheallmharú ar an 15 Meán Fómhair 2024.
47ú hUachtarán na Stát Aontaithe, Eanáir 2025 - Eanáir 2029
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Trump tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá don dara huair ar an 5/6 Samhain 2024 agus an ceann is fearr faighte aige ar Kamala Harris. B'é an chéad duine a ciontaíodh as coir sa chúirt a toghadh chun na hoifige.[31][30][32] Fuair na Poblachtánaigh tromlach sa Seanad agus sa Chomhdháil chomh maith.
Tháinig lucht tacaíochta Trump amach ina sluaite chun vóta a thabhairt dó. Ní hamháin sin, ach thug daoine nach mbeifeá ag súil go dtacóidís leis vóta dó. Muintir Latino na mbruachbhailte mar shampla – dream a chreid, de réir cosúlachta, gur tábhachtaí scéal na heacnamaíochta, gur tábhachtaí rud éigin a dhéanamh faoin síorardú ar phraghsanna an bhia agus na rátaí cánach, ná na maslaí a chaith Trump agus a lucht leanúna leo agus le hinimircigh eile go tráthrialta.[30]
Trump in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cheannaigh an Trumpach cúrsa gailf in aice le Dún Beag i gContae an Chláir (Trump International Golf Links) ar an 11 Feabhra 2014. Ar an 12 Bealtaine 2014 thug sé cuairt ar Éirinn.
Sa bhliain 2017, thug Trump le fios gur mhian leis go dtabharfaí poist i gcomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn 'ar ais go Meiriceá.'[33]
Ar 5-6 Meitheamh 2019, tháinig Uachtarán na Stát Aontaithe go hÉirinn. Cuairt oifigiúil a bhí ann, an t-aon cheann amháin nuair a bhí Trump in oifig.[34] Bhuail sé leis an Taoiseach, Leo Varadkar. Labhair an bheirt cheannairí ag preasócáid in Aerfort na Sionainne. Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, an próiseas síochána sa Tuaisceart, imirce, trádáil agus an clár víosa E3 is mó a bhí idir chamáin acu. Dúirt an tUachtarán Trump gur mór an onóir dó a bheith in Éirinn. Dúirt sé freisin gur chreid sé go mbainfeadh Éire tairbhe as dealú na Breataine ón Aontas Eorpach.[34]
Thug sé cuairt ansin ar an Dún Beag i gContae an Chláir. Chaith sé an oíche in a óstán féin. An lá dár gcionn, tháinig sé ar ais óna chuairt go dtí an Fhrainc leis an oíche ina diaidh sin a chaitheamh ann chomh maith.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2020
- Ruathar ar an gCaipeatól (2021)
- Táinseamh faoi dhó Donald Trump
- Cassidy Hutchinson
- Toghcháin na Stát Aontaithe 2022
- Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
- Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump: toghchán 2020
- Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump : eolas rúnda slándála
- Ionchúiseamh Donald Trump in Georgia
- Iarracht Donald Trump a fheallmharú, Iúil 2024
- Iarracht Donald Trump a fheallmharú, Meán Fómhair 2024
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Guaridan.co.uk : Faigheann an ghiúiré amach gur bhain Donald Trump mí-úsáid ghnéasach as an colúnaí E Jean Carroll (i mBéarla)
- Senate Committee on the Judiciary,: Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election, 2021-10-07[18]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Trump cúisithe as cáipéisí rúnaicmithe a choinneáil go mídhleathach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-09). Dáta rochtana: 2023-06-09.
- ↑ "FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Peter Geoghegan. "The Tiny Scottish Village That Spawned Trump" (en). POLITICO Magazine. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Reid J. Epstein (June 16, 2015). "Donald Trump Enters 2016 Presidential Race". The Wall Street Journal
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2016-11-09). "Donald Trump tofa ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe" (as ga-IE).
- ↑ Elle Hunt (2017-01-22). "Trump's inauguration crowd: Sean Spicer's claims versus the evidence" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ https://www.factcheck.org/2017/01/the-facts-on-crowd-size/
- ↑ Without Evidence, Trump Tells Lawmakers 3 Million to 5 Million Illegal Ballots Cost Him the Popular Vote, Washington Post, 24 Eanáir 2017
- ↑ 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2017-01-16). "Beidh 'Breatimeacht' go hiontach a deir Trump" (as ga-IE).
- ↑ Warren Maruyama, Lyric Galvin, William Alan Reinsch (2024-10-10). "Making Tariffs Great Again: Does President Trump Have Legal Authority to Implement New Tariffs on U.S. Trading Partners and China?" (as en).
- ↑ 11.0 11.1 cbpp.org (2024-04-08). "The 2017 Trump Tax Law Was Skewed to the Rich, Expensive, and Failed to Deliver on Its Promises | Center on Budget and Policy Priorities". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-04-08. Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-11-11). "Ní fhágfaidh comhlachtaí de bharr pholasaithe Trump - ESRI" (as ga-IE).
- ↑ William Roberts. "Trump’s Jerusalem move: ‘A blunder with consequences’" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ "Tús á chur le triail táinsimh Donald Trump sa Seanad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ 15.0 15.1 Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
- ↑ Tuairisc (9 Lúnasa 2022). "Dlús á chur leis na fiosrúcháin faoi laethanta deireanacha Trump sa Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-14.
- ↑ "Breis is 300 cáipéis rúnaicmithe faighte ar ais ó Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ 18.0 18.1 "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-16). "Teanntás Trump: "beidh mé i m'iarrthóir arís in 2024"" (as ga).
- ↑ "Stormy Daniels" (as en) (2023-03-31). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-31). "Trump le cúisiú in íocaíochtaí a thabhairt do Stormy Daniels" (as ga).
- ↑ "Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-31.
- ↑ "Donald Trump á thabhairt os comhair na cúirte in Manhattan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-04.
- ↑ Tuairisc (2 Lúnasa 2023). "Trump le cur ar a thriail as iarracht a dhéanamh torthaí toghcháin a chur ar ceal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-02.
- ↑ 25.0 25.1 "Donald Trump cúisithe i gcáipéisí rúnaicmithe a choinneáil" (as ga) (2023-06-09).
- ↑ 26.0 26.1 Máirín Ní Ghadhra (14 Iúil 2023). "Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-14.
- ↑ Raidió na Gaeltachta (18 Lúnasa 2023). "Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ "Gab Social". gab.com. Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ Joe Breathnach / Extrag.ie (2023-08-16). "Úsáid Trump focal ‘Riggers’ chun ‘prosecutors’ gorm a mhaslú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-08-20.
- ↑ 30.0 30.1 30.2 Alex Hijmans (6 Samhain 2024). "‘Ré órga’ geallta ag Donald Trump do mhuintir Mheiriceá, ach údair imní go leor acu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ "Trump tofa ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá don dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-06). Dáta rochtana: 2024-11-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-06). "Donald Trump leis an dara seal a chaitheamh sa Teach Bán" (as ga-IE).
- ↑ "'Tugaigí poist in Éirinn ar ais go Meiriceá' - Uachtarán Trump" (as ga) (2017-08-16).
- ↑ 34.0 34.1 Nuacht RTÉ (2019-06-05). "Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh Donald Trump" (as ga).