E. Jean Carroll v. Donald J. Trump

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtE. Jean Carroll v. Donald J. Trump
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
GearánaíE. Jean Carroll Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
Cúiseamhéigniú, clúmhilleadh agus ionsaí gnéasach Cuir in eagar ar Wikidata
CúirtUnited States District Court for the Southern District of New York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhLewis A. Kaplan Cuir in eagar ar Wikidata

Ar 9 Bealtaine 2023, fuair giúiré i Nua-Eabhrac go ndearna Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E. Jean Carroll sa bhliain 1995 / 1996 sa Bergdorf Goodman, siopa ilrannach i Nua Eabhrac.[1] Níor chuir sin as do Trump, áfach, agus lean sé ar aghaidh ag clúmhilleadh Carroll go minic le linn 2023-2024.

Donald Trump, E Jean Carroll agus a fear céile, agus Ivanka Trump, 1987. Dúirt Trump go dtí Bealtaine 2023 nár chas sé riamh le EJ Carroll.

Mí-úsáid ghnéis agus clúmhilleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

E. Jean Carroll sa bhliain 2006

Chuir E. Jean Carroll i leith iar-uachtaráin na Stát Aontaithe, Donald Trump, go ndearna sé ionsaí gnéasach uirthi i seomra gléasta i siopa sna 1990idí.  

Ar 21 Meithteamh 2019, scríobh Carroll alt don iris New York inar nocht sí gur éignigh Trump í sa bhliain 1996.[2][3] Spreag an feachtas #metoo í chun a scéal a insint.

Thug E. Jean Carroll cás amháin sa bhliain 2019 ach caitheamh amach é.mar gheall ar cheist nós imeachta (E. Jean Carroll v. Donald J. Trump, 2019I).[4][5]

Thug Carroll cás eile. Dúirt Trump nár chas sé riamh le EJ Carroll ach tugann an fhianaise le fios nach raibh an ceart aige (an grianghraf ar chlé mar shampla).

In 2023, ghlac an giúiré leis go ndearna Trump mí-úsáid ghnéis ar Carroll agus go ndearna Trump clúmhilleadh ar Carroll. Gearradh pionós $5m ar an Iar-Uachtarán. Ach os rud é gur cás sibhialta a bhí ann, níor cuireadh sa phríosún é.

Damáistí nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor ghlac Trump leis an bhreithiúnas, níor chuir an fíorasc ciontachta as do Trump, ní raibh sé in ann fanacht ina thost agus lean an Iar-Uachtarán ar aghaidh ag clúmhilleadh Carroll, agus ag maígh go raibh feachtas géarleanúna ar siúl.[6] Ar 11 Bealtaine 2023, mhaígh Trump i 'Town Hall' ar CNN gurb iad cúrsaí polaitíochta ba chúis leis an triail, agus gur goideadh vótaí sa toghchán uachtaránachta in 2020.[7] In ainneoin na bhfadhbanna dlí a bhí Trump, measadh go raibh a lán leantóirí fós aige i measc na vótálaithe.[6]

Ar 22 Bealtaine 2023, thionscain E. Jean Carroll caingean chlúmhillte nua in aghaidh Trump. Dúirt Carroll gur chaill sí a post mar gheall ar an eachtra sna 1990idí agus go raibh náire uirthi. D'éiligh Carroll damáistí $10m.[8]

Ar 26 Eanáir 2024 i Nua Eabhrac, chinn an giúiré go ndearna Trump clúmhilleadh ar Carroll nuair a shéan sé go ndearna sé mí-úsáid ghnéis uirthi. Gearradh pionós eiseamláireach air, a bheadh ina eiseamláir do dhaoine eile agus bronnadh $83.3m ar Carroll ina cás clúmhillte.[9] Tá sí le fáil $18.3m mar chúiteamh as damáistí, chomh maith le $65m mar chúiteamh pionósach. Níor ghlac Trump leis an bhreithiúnas, agus mhaígh sé aon uair amháin eile go raibh feachtas géarleanúna ar siúl.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Constance Grady (2023-05-09). "Trump has been found liable for sexual abuse. Will it change anything?" (en). Vox. Dáta rochtana: 2023-05-18.
  2. Sarah Jones (2019-06-21). "E. Jean Carroll: “Trump attacked me in the dressing room of Bergdorf Goodman.”" (en). Intelligencer. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  3. E. Jean Carroll (2024-01-26). "Donald Trump Assaulted Me, But He’s Not Alone on My List of Hideous Men" (en). The Cut. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  4. "E. Jean Carroll v. Donald J. Trump" (as en) (2023-05-17). Wikipedia. 
  5. Benjamin Weiser, Lola Fadulu, Kate Christobek (2023-05-11). "E. Jean Carroll May Sue Trump a Third Time After ‘Vile’ Comments on CNN" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-05-18.
  6. 6.0 6.1 Conradh na Gaeilge, Londain (13 Bealtaine 2023). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  7. "READ: Transcript of CNN's town hall with former President Donald Trump | CNN Politics" (en). CNN (2023-05-11). Dáta rochtana: 2024-01-28.
  8. 24 Eanáir 2024 (2024-01-24). "A ghreim ar ainmniúchán na bPoblachtánach daingnithe ag Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-25.
  9. $7.3 million in emotional damages, $11 million in reputation-related damages, and $65 million in punitive damages
  10. Conradh na Gaeilge, Londain (27 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-28.