Desmond Tutu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Desmond Tutu (2004)

Rugadh Desmond Mpilo Tuto sa Transvaal ar an 7 Deireadh Fómhair 1931. Cé gur mhian leis a bheith ina lia, ní raibh sé d'acmhainn ag a chlann íoc as an oiliúint agus chuaigh sé leis an mhúinteoireacht. D’éirigh sé as a phost múinteoireachta nuair a ritheadh Acht Oideachais Bantu mar agóid in aghaidh na ndrochionchas oideachais d’Afracaigh na hAfraice Theas. Rinne sé staidéar ar an diagacht agus oirníodh mar mhinistir Anglacánach é i 1960.

Oideachas[athraigh | edit source]

Ghnóthaigh sé bunchéim agus céim mháistreachta sa diagacht in King's College i Londain (1962-1966) agus d’oibrigh sé mar shéiplíneach go páirtaimseartha fosta le linn an ama sin. D’úsáid sé a chuid léachtaí san Afraic Theas idir 1967-1972 chun aird a dhíriú ar dhálaí phobal na nAfracánach. Mhaigh sé i litir chuig príomh-aire na linne sin go raibh an staid na hAfraice Theas mar a bheadh bairille púdair ann a d’fhéadfadh pléascadh uair ar bith.

Ceapadh mar shéiplíneach ollscoile é i 1967 agus bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Náisiúnta Lesotho idir 1970-1972. Ba é an chéad Afracánach é a ceapadh mar Dhéan Anglacánach ar Johannesburg i 1975.

Feachtais[athraigh | edit source]

I 1976, d’fhás éirí amach ollmhór i gcoinne na cinedheighilte as círéibeacha Soweto i gcoinne úsáid na hAfracáinise mar mheán teagaisc éigeantach i scoileanna na ndaoine gorma agus ó sin amach, thug Tuto a thacaíocht do bhaghcat eacnamaíoch ar a thír. Chuir sé go fuinniúil i gcoinne pholasaí agus chur chuige an Uachtaráin Reagan sna Stáit Aontaithe i leith na hAfraice Theas, is é sin “rannpháirtíocht chuiditheach” agus “go n-áiteofaí go cairdiúil” ar an rialtas ansin dul i ngleic le fadhb na cinedheighilte.

Bhí sé ina Easpag ar Lesotho idir 1976 agus 1978 agus ansin ina Rúnaí Ginearálta ar Chomhairle Eaglaisí na hAfraice Theas. Chuir sé i gcoinne na cinedheighilte go láidir, go soiléir agus go neamhbhalbh san Afraic Theas agus thar lear. Fuair sé tacaíocht ó bheagnach gach eaglais. Ina chuid scríbhneoireachta agus léachtaí, mhol sé go seasta go mbeadh athmhuintearas eatarthu siúd ar fad a bhí bainteach le cinedheighilt. Ba é rialtas geal na tíre a fuair an cáineadh is láidre uaidh ach cháin sé go géar fosta an oirbheartaíocht fhoréigneach a d’úsáid roinnt de na grúpaí frith-chinedheighilte leithéidí an Comhar Náisiúnta Afracach.

Ba mhinic a rinne sé comparáid idir cinedheighilt agus Naitsíochas agus cumannachas. Dá dheasca sin, chúlghair an rialtas a phas dhá uair agus chaith sé tréimhse ghearr i bpríosún i ndiaidh mháirseáil agóide i 1980.

Rinneadh Easpag ar Johannesburg de i 1985 agus i 1986, ba é an chéad duine gorm riamh é a chuaigh i gceannnas na hEaglaise Anglacánaí san Afraic Theas. Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhdháil Uile-Afracach na nEaglaisí (1987-1997). In 2006, ainmníodh ina bhall de phainéal comhairleach na Náisiún Aontaithe um Chosc ar Chinedhíothú é.

In 2005 d’iarr sé ar cheannairí an domhain saorthrádáil a chur chun cinn le tíortha bochta agus deireadh a chur le cánacha troma ar dhrugaí frith-SEIF. Thug sé rabhadh do rialtas an Chomhair Náisiúnta Afracaigh faoi bhaol na caimiléireachta. Cháin sé an leatrom ar chearta an duine sa tSiombáil.

Bhí baint aige le feachtas domhanda a raibh sé mar aidhm aige breith gach leanbh a chlárú.

Ina chuid scríbhneoireachta i réimse na síceolaíochta sóisialta, bhain sé ciall as taighde eolaíoch ar fhréamhacha na hatrua, an altrúchais agus an chaidrimh dhaonna shíochánta mar aon leis an tábhacht agus an tairbhe a bhaineann le maithiúnas agus athmhuintearas. Bhí sé cáinteach faoin leithcheal a dhéanann Críostaithe ar homaighnéasaigh agus faoi dhearcaidh choimeádacha ar homaighnéasacht ina eaglais féin agus dúirt gurbh ionann homaifóibe agus ciníochas. Ar thoghadh an Chairdinéil Joseph Ratzinger mar phápa i 2005, dúirt go raibh dóchas aige go dtoghfaí duine a mbeadh intinn níos oscailte aige faoi mhinistreacht ban agus seasamh níos réasúnta aige faoi choiscíní, SEIF agus VED.

Iosrael agus na Palaistínigh[athraigh | edit source]

Thug sé aitheantas don ról tábhachtach a bhí ag Giúdaigh sa streachailt in aghaidh na cinedheighilte. Thacaigh sé le hIosrael faoin imní a bhí air faoi chúrsaí slándála agus cháin sé an bhuamáil fhéinmharaithe agus an gríosú chun fuatha, Bhí sé go mór chun tosaigh san fheachtas i bhfabhar dínascadh na Palaistíne le Iosrael. Mhaigh sé go raibh cosúlachtaí idir an tslí a gcaitheann Iosrael le Palaistínigh agus mar a caitheadh le daoine gorma na hAfraice Theas le linn bhlianta na cinedheighilte agus dúirt sé nach bhféadfaí slándáil Iosrael a chinntiú trí chos ar bolg a dhéanamh ar phobal eile daoine.

I 1989 agus é ar cuairt in Iosrael, mhol sé go nguífí ar a son siúd ba chúis leis an fhulaingt agus d’iarr sé ar Dhia cuidiú leo maithiúnas a thabhairt agus gan tabhairt ar dhaoine eile fulaingt. Ghlac Giúdaigh áirithe leis sin mar mhasla dóibh féin agus d’íospartaigh na Naitseach. Tharraing a chuid tuairimí i bhfabhar na Palaistíne, míghnaoi eagraíochtaí Giúdacha éagsúla air. Reáchtáil An Eagraíocht Shíónach Mheiriceánach feachtas agóidíochta in aghaidh a chuairteanna ar ollscoileanna agus d’eagraigh mic léinn agóidí nuair a bronnadh Gradam Phléadalaí Idirnáisiúnta ar son na Síochána air.

I ndiaidh d’Fhórsaí Cosanta Iosrael 19 sibhialtach a mharú in Beit Hanoun i 2006, bhí ar Tutu a thuras ansin mar cheannaire ar mhisean aimsiú fíoras ar son na Náisiún Aontaithe, a chur ar ceal de bharr, a dúirt sé, gur dhiúltaigh Iosrael cead taistil dó. Dúirt An Conradh in aghaidh Clúmhillte nach raibh ceapachán Tutu cuí de bharr gur breathnóir claonta a bheadh ann.

D’ionsaigh sé Tony Blair as tacaíocht a thabhairt do Mheiriceá faoi cheist na hIaráice. Maidir le daoine a bhí faoi amhras as sceimhlitheoireacht a bheith á gcoinneáil gan chúiseamh, dúirt sé gur smál ar charachtar na Stát Aontaithe a bhí sa champa X-ray in Guantanomo Bay agus go raibh reachtaíocht na Breataine a cheadaigh daoine a choinneáil 28 lá gan chúiseamh iomarcach agus dochosanta.

Gradaim[athraigh | edit source]

Go dtí seo ina shaol, bronnadh 96 gradam air lena n-áirítear, Duais Nobel na Síochána (1984), Gradam Pacem Terris (1987), Duais Albert Schweitzer don Daonnúlachas, Duais Magubela don tSaoirse, Duais Síochána Gandhi agus Duais Síochána Sydney (1999) as a chuid oibre mar cheannasaí ar an Choimisiún um Fhírinne agus Athmhuintearais.