Dave Allen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fuirseoir as Baile Átha Cliath, Éire ab ea é David Tynan O'Mahoney (Gaeilge: Daithí Ó Teimhneáin Ó Mathúna), (6 Iúil, 193610 Márta, 2005), nó Dave Allen de ghnáth. Bhí cáil mhór ar Allen in Éirinn, sa Bhreatain agus san Astráil, sna 1960í agus na 1970í go háirithe. Bhí stíl fhánach ag Allen mar fhuirseoir - shuigh sé ar chathaoir, agus d'ól sé uisce beatha agus chaith sé tobac tríd an taispeántas ar fad. Rinne sé magadh faoin gnáthshaol, agus bhain sé sult breise as magadh a dheánamh faoi udaráis agus institiúidí, mar shampla faoin Eaglais Chaitliceach Rómhánach. Bhí cúpla chláir teilifís féin ag Allen, bhí an ceann deireanach ar ITV i 1993.

Bhí tionchar mór ag Allen ar a lán fuirseoirí eile in Éirinn agus sa Bhreatain. Ag deireadh gach taispeántais, thug Allen an bheannacht cháiliúil chéanna, "Oíche mhaith, agus go rachaidh bhur ndia in éineacht libh".

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Allen i dTeach na Giúise i gContae Átha Cliath, mac le Cully Tynan O'Mahoney (a bhí ina eagarthóir ar an nuachtán Éireannach Irish Times), agus máthair Shasanach. D'fhág Allen an scoil agus é sé bliana déag d'aois, agus lean sé a athair isteach san iriseoireacht. Glach sé post mar leis an Drogheda Argus, agus bhog sé go dtí Sasana trí bliain níos déanaí. Bhí cúpla poist eile aige, agus tar éis tamaill bhí sé ag obair i mButlins mar "Redcoat", ina óstach ar seónna éagsúla a bhí ar siúl acu. D'athraigh sé a shloinne ó O'Mahony go Allen, nuair a d'éirigh sé tuirseach le daoine ag fuaimniú é mí-cheart. Nuair a bhí The Beatles ag casadh cuid den a gcéad seónna, b'é Allen a bhí ina fhear óstach. Bhuail sé leis an aisteoir Judith Scott san Astráil agus pósadh iad sa bhliain 1964. Bhrís siad suas sa bhliain 1983. Is fuirseoir é a mac Ed Allen freisin.

Chaill Allen méar amháin ar a lámh chlé, ach níl aon eolas cinnte faoi cad a tharla. Tá seans gurb é timpiste ghluaisteáin a bhí i gceist.

Bás[athraigh | edit source]

Ag deireadh a shaoil, b'éigean do Allen éirí as a bheith ag caith tobac agus ag ól alcól, dhá rud a thaitin go mór leis. Cailleadh go tobann ach go suaimhneach é, ina choladh abhaile. D'fhág sé a bhean chéile nua Karin, a bhí ag iompar clainne ina dhiaidh. Rugadh a mhac Cullum Allan Allen dhá mhí tar éis a bháis.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]


Féach fosta[athraigh | edit source]