Sydney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sydney
Sydney
Suíomh

33°52′ Theas 151°13′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: New South Wales
Méara: Clover Moore
Déimeagrafaic
Achar: 12,144.6 km²
Daonra: 4,284,379
Dlús daonra: 2,058/km²
Crios ama: AEST/AEDT (UTC+10/+11)
cityofsydney.nsw.gov.au

An chathair is mó san Astráil agus príomhchathair New South Wales is ea Sydney. Tá níos mó ná 4 milliún duine ina gcónaí sa chathair. Tá Sydney suite ar chósta thoir na hAstráile agus bunaíodh í sa bhliain 1788 nuair a shroich Arthur Phillip cuainín Sydney.

Príomhchathair airgeadais na hAstráile is ea Sydney. Is ionad turasóireachta idirnáisiúnta agus intíre é. Thit na Cluichí Oilimpeacha amach i Sydney sa bhliain 2000.

Stair[athraigh | edit source]

Tá cónaí ar mhuintir dhúchasach na hAstráile ann le ar a laghad 30,000 bliain anuas agus bhí idir 4,000 agus 8,000 duine dúchasacha ina gcónaí sa cheantar nuair a tháinig Arthur Phillip agus an chéad loingeas i 1788.

Aeráid[athraigh | edit source]

Sydney – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 45.3 42.1 39.8 33.9 30.0 26.9 25.9 31.3 34.6 38.2 41.8 42.2 45.3
Meán-uasteocht an lae (°C) 25.9 25.8 24.7 22.4 19.4 16.9 16.3 17.8 20.0 22.1 23.6 25.2 21.7
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 18.7 18.8 17.5 14.7 11.5 9.3 8.0 8.9 11.1 13.6 15.6 17.5 13.8
Teocht is ísle (°C) 10.6 9.6 9.3 7.0 4.4 2.1 2.2 2.7 4.9 5.7 7.7 9.1 2.1
Meán-bháisteach (mm) 101.5 118.7 128.9 125.8 121.1 130.7 97.4 80.8 68.9 77.6 83.4 77.9 1,211.9
Foinse: Bureau of Meteorology Eanáir 2011
Droichead Cuain Sydney san oíche