Melbourne
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Tá tagairtí in easnamh agus tá roinnt Béarlachais san alt Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| Melbourne | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | Victoria |
| Ard-Mhéara: | Robert Doyle |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 2,153 km² |
| Daonra: | 3,371,888 (2006)[1] |
| Dlús daonra: | 1,566/km²/km² |
| Crios ama: | AEST |
| www.melbourne.vic.gov.au | |
Príomhchathair stáit agus an chathair is mó i Victoria is ea Melbourne. Is é an dara cathair is mó san Astráil tar éis Sydney. Tá timpeall is 3.9 milliún duine ina gcónaí in achar cathrach Melbourne agus 69,670 ina gcónaí i gcathair Melbourne féin.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
B'é Melbourne príomhchathair na hAstráile ó 1901 go dtí 1927. Cúpla bliain ó shin, mar shampla, bhí Melbourne ar an gcathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta. Baintear úsáid as slata éagsúla tomhais chun breithiúnas a thabhairt ar chathair. Tá córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
Tráth den saol, bhíodh córas tram ag cathracha móra eile sa tír, ach cuireadh deireadh leo. Tá an t-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachteach taistil seo.
Is cathair ilchultúrtha é Melbourne, a bhfuil daoine as 41 tír dhifriúil ina gcónaí ann. Tá tionchar faoi leith acu siúd ar de bhunadh Gréagach iad ar an gcathair. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig na céadta míle inimirceach ón nGréig chun na hAstráile agus chuir beagnach caoga faoin gcéad acu fúthu in Melbourne.
Sa lá atá inniu ann, tá níos mó cainteoirí Gréigise in Melbourne ná aon chathair eile ar domhan, taobh amuigh den Aithin í féin agus Thessalonica. Mar gheall air sin, tugadh Cathair Aithne an Deiscirt uirthi roinnt blianta ó shin. Is breá le muintir Melbourne cultúr an chaife agus is dócha gur thug muintir na Gréige, agus daoine as tíortha eile na Meánmhara, an stíl seo mhaireachtála leo go Melbourne.
Spórt [athraigh]
Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, (Peil Astrálach) ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair. Bunaíodh an chéad chomórtas peile Astrálaí in Melbourne go déanach sa 19ú haois, agus ar feadh thart ar chéad bliain ina dhiaidh sin, bhí an comórtas peile Astrálaí is fearr sa tír ar siúl sa chathair.
Aeráid [athraigh]
| Melbourne – Aeráid | |||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
| Teocht is airde (°C) | 45.6 | 46.4 | 41.7 | 34.9 | 28.7 | 22.4 | 23.1 | 26.5 | 31.4 | 36.9 | 40.9 | 43.7 | 46.4 |
| Meán-uasteocht an lae (°C) | 25.9 | 25.8 | 23.9 | 20.3 | 16.7 | 14.0 | 13.4 | 14.9 | 17.2 | 19.6 | 21.9 | 24.2 | 19.8 |
| Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 14.3 | 14.6 | 13.2 | 10.7 | 8.6 | 6.9 | 6.0 | 6.7 | 7.9 | 9.5 | 11.1 | 12.9 | 10.2 |
| Teocht is ísle (°C) | 5.5 | 4.5 | 2.8 | 1.5 | −1.1 | −2.2 | −2.8 | −2.1 | −0.5 | 0.1 | 2.5 | 4.4 | −2.8 |
| Meán-bháisteach (mm) | 47.6 | 47.3 | 50.2 | 57.3 | 56.2 | 49.2 | 47.7 | 50.2 | 57.9 | 66.2 | 59.5 | 59.2 | 648.5 |
| Foinse: Bureau of Meteorology[2] Eanáir 2011 | |||||||||||||
Nasc-Bhailte [athraigh]
Osaka, An tSeapáin, 1978
Tianjin, An tSín, 1980
Thessaloniki, An Ghréig, 1984[3]
Boston, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1985
Cathair Pheadair, An Rúis, 1989
Milan, An Iodáil, 2004
Tagairtí [athraigh]
- ↑ (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Melbourne (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
- ↑ (Béarla) "Climate statistics for Australian locations - Melbourne Regional Office", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).
- ↑ (Béarla) "Twinning Cities", City of Thessaloniki.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.