Carl Friedrich Gauss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carl Friedrich Gauss.

B'eolaí agus matamaiticeoir Gearmánach é Johann Carl Friedrich Gauss (Gearmáinis: Gauß, Laidin: Carolus Fridericus Gauss) (30 Aibreán 177723 Feabhra 1855) a chuir go mór le forbairt sna réimsí uimhirtheoiric, staitisticí, anailís, geoiméadracht difreálach, geodasaíocht, leictreastataic, réalteolaíocht, agus optaic. Tugtar "prionsa na matamaitice" air.

Páiste éachtach a bhí ann ina óige, agus ní raibh ach bliain amháin agus fiche slánaithe aige nuair a chríochnaigh sé a shárshaothar Disquisitiones Arithmeticae sa bhliain 1798.