August Ferdinand Möbius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir a rugadh i Schulpforta na Gearmáine ab ea August Ferdinand Möbius (1790-1868). Rinne sé taighde ar gheoiméadracht anailíseach, toipeolaíocht is réalteolaíocht theoiriciúil. D'fhionn sé stiall Möbius is líonra Möbius, atá tábhachtach sa gheoiméadracht theilgeach. Thug sé comhordanáidí baralárnacha isteach sa gheoiméadracht.