Stiall Möbius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stiall Möbius

Sa toipeolaíocht, dromchla le taobh amháin agus líne leanúnach amháin á thimpeallú. August Möbius a d'fhionn an coincheap. Smaoinigh ar dhronuilleog fhada chaol, ABCD, agus ceangail A le B is C le D. Is sorcóir an toradh, le dhá dhromchla. Má thógtar dronuilleog chomhionann, ABCD, agus má cheanglaítear A le C is B le D, anois nuair a thosaítear ag pointe ar bith ar an dromchla, is féidir líne leanúnach amháin a tharraingt ar an dromchla chun filleadh ar an mbunphointe. Is stiall Möbius í seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stiall Möbius". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.