Ailgéabar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An brainse den mhatamaitic ina seasann litreacha is siombailí eile do chainníochtaí anaithnide. D'fhorbair na hArabaigh é (tagann an t-ainm ón bhfocal Araibise al-jabr) agus thóg siad isteach san Eoraip é. San ailgéabar clasaiceach, oibrithe uimhríochúla a bhíonn i gceist. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa 19ú-20ú céad, sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann A¤B is B¤A, ina seasann ¤ don oibriú. Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathairníon. Shaothraigh Arthur Cayley is daoine eile ailgéabar maitríseach, agus shaothraigh George Boole an tacarailgéabar atá ainmnithe as. Tá ailgéabair neamhchomhthiomsaitheacha ann freisin, nach bhfeidhmíonn an dlí comhthiomsaitheach iontu, is é sin go mbraitheann toradh oibrithe ar an ord ina ndéantar é. Sa ghnáthuimhríocht is comhthiomsaitheach suimiú is iolrú, ach is neamhchomhthiomsaitheach iad dealú is roinnt. I measc na n-ailgéabar seo tá ailgéabair Jordan, ainmnithe as an matamaiticeoir Gearmánach Pascual Jordan, is ailgéabair Lie a úsáidtear go forleathan sa bhfisic nua-aoiseach.