Arthur Cayley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir a rugadh i Richmond Shasana ab ea Arthur Cayley (1821-1895). Bhunaigh sé matamaitic na neamhathraitheach is na gcomhathraitheach. Shaothraigh sé teoiric na maitrísí, geoiméadracht anailíseach is réalteolaíocht theoiriciúil.