Bruitíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Bhruitíneach)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAn Bhruitíneach
cuir in eagar
CineálMorbillivirus infectious disease (en) Aistrigh agus galar víreasach tógálach Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaífiabhras, casacht, srón fhliuch, gríos easaintéimeach, liomfadanapaite, anoireicse, buinneach, Koplik's spots (en) Aistrigh, toinníteas agus Stimson's triad (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithescrúdú fisiciúil, Koplik's spots (en) Aistrigh, ELISA agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilsupportive care (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Tarchur pataigineachtras-seoladh aeriompartha Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeacht2008 measles epidemic in France (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10B05 agus B05.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9055 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA71 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0151538 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB7890 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus001569 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine966220 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmeasles-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD008457 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0025007 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar tógálach is ea an bhruitíneach. Galar víreasach a scaiptear trí bhraoiníní ionfhabhtaithe aeriompartha is ea í.[1][2] Is mór an chontúirt é an bhruitíneach go háirithe do pháistí beaga agus do dhaoine nach bhfuil an tsláinte go maith acu. Tá baol ann dá oireasa go mbeadh duine buailte ag meiningíteas, niúmóine, heipitíteas, ag bodhaire nó ag fadhbanna toirchis srl.[3]

cdc.gov
cdc.gov
Wikipeidia

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gcomharthaí sóirt don bhruitíneach tá fiabhras, casacht, srón ag sileadh agus scól ar leith ar an gcraiceann.

Tosaíonn sí le casacht is srón silidh, agus ina dhiaidh sin tarlaíonn gríos dearg smeartha is fiabhras. Briseann gríos méirscreach dearg amach tríd an gcraiceann. Uaireanta bíonn seordán le tabhairt faoi deara freisin.

Tagann an bhruitíneach ar leanaí agus ar dhaoine óga go háirithe.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aimhréidh is féidir tarlú is ea niúmóine, agus b'fhéidir ionfhabhtú tánaisteach baictéarach don chluas inmheánach. Tarlaíonn ionfhabhtú víreasach scaipthe san inchinn (ioncafailíteas) go hannamh freisin, agus uaidh sin damáiste don inchinn.

Beidh duine as gach míle buailte ag at san inchinn, galar ar a dtugtar einceifealaíteas agus atá an-chontúirteach. Meastar go bhfaigheann idir duine amháin agus triúr as gach míle cás den bhruitíneach bás dá bharr.[3]

Cosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an bealach is fearr chun daoine a chosaint ón mbruitíneach ná an vacsaín MMR (i gcoinne na bruitíní, na leicní agus na bruitíní deirge) a fháil.[4]

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tarlú an ghalair i dtíortha forbartha laghdaithe go mór le húsáid vacsaíní, ach is coitianta é i dtíortha neamhfhorbartha agus baineann mortlaíocht shuntasach leis.

In 2017, tá méadú tagtha tríd is tríd ar líon na gcásanna bruitíní a tuairiscíodh i dtíortha Eorpacha. Bhí sé tuairiscithe ag an Ríocht Aontaithe, an Iodáil agus an Rómáin gur tharla na ráigeanna is mó den víreas go dtí seo.[4]

Centers for Disease Control, SAM

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an bhruitíneach fairsing in Éirinn go dtí na 1960idí. Mar shampla, bhí an bhruitíneach ar Dubhghlas de hÍde ina pháiste (agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid bunoideachais).[5]

Idir 2004 agus 2007, bhí rátaí imdhíonta do leanaí de dhá bhliain d’aois idir 87.5% do bhruitíneach, phlucamas agus bhruitíneach dhearg (MMR) go meán de 92% do na vacsaíní eile.[6]

Ag deireadh an fichiú haois, bhí clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm agus bhí an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.[7]

Bréagnuacht agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an galar ar ais sa 21ú haois nuair a scaipeadh bréagnuacht faoi.[8] Fuair Pat Gorman, tiománaí le Bus Éireann, bás le bruitíneach ar 7 Feabhra 2024.[9][10][11]

De réir staidéir a rinne an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte in 2023/2024, ní raibh aon chosaint ar an mbruitíneach ag 11% de dhaoine fásta idir 18-34 bliain, agus bhí an céatadán 18% i measc fir óga idir 18-19 bliain. Meastar nach bhfuair cuid de na daoine sin an vacsaín MMR nuair a bhí siad ina leanaí mar gheall ar scéal mícheart a bhí á chraobhscaoileadh ag an am go bhféadfadh baint a bheith ag an vacsaín le huathachas.

Príomhalt: Vacsaín MMR

Is é is dóichí go bhfuil daoine a rugadh roimh 1978, go bhfuil siad imdhíonta ar an mbruitíneach.

Is é an vacsaín MMR an t-aon chosaint ar an mbruitíneach ach níl an oiread leanaí in Éirinn á fháil anois agus a bhíodh. Is é 95% den daonra an sprioc-chéatadán atá molta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Dhearbhaigh an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95% den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Ar an drochuair, ní raibh an vacsaín faighte ach ag thart ar 90% de leanaí ar bhonn náisiúnta idir 2021-2023. Bhí an ráta chomh híseal le 80%, nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe.[12]

I mí an Mhárta 2024, chuir an Rialtas plean gnímh in aghaidh na bruitíní. Tairgeadh vacsaín in aghaidh na bruitíní do bhreis agus 300,000 duine sa Stát.[13]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. "History of measles vaccination" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-01-29). "Imní faoi 'ardú suntasach' den bhruitíneach san Eoraip" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Department of Foreign Affairs. "Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip - Department of Foreign Affairs and Trade" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  5. "Dubhghlas de hÍde". www.askaboutireland.ie. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  6. "Sláinte an Daonra" (en). HSE.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-10. Dáta rochtana: 2020-04-06.
  7. "Cás den bhruitíneach aimsithe" (as ga) (2016-05-12). 
  8. "Limerick health chiefs warn of measles outbreak due to low vaccine uptake" (en). BreakingNews.ie. Dáta rochtana: 2023-03-11.
  9. Julieanne Corr (2024-03-04). "Get the vaccine, plead family of Irish measles victim" (en). Dáta rochtana: 2024-03-04.
  10. thesun.ie/ (2024-02-25). "Heartbreaking tributes paid to 'friendliest' bus driver who died from measles" (en-ie). The Irish Sun. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  11. "Condolence Book for Pat Gorman (Milltownpass, Westmeath) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  12. Nuacht RTÉ (2024-02-08). "Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean" (as ga-IE). 
  13. Nuacht RTÉ (2024-03-04). "Plean gnímh in aghaidh na bruitíní le plé ag an Rialtas" (as ga-IE).