Toinníteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh an scannáin a chlúdaíonn dromchla inmheánach mhogall na súile is dromchla tosaigh na súile (tonn na súile). Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ionfhabhtú ag earra coimhthíoch nó ceimiceáin. Mothaíonn duine greannú is greamaitheacht sna súile, agus sileann siad. Éiríonn gealacáin na súl dearg ruaimneach.