Bruitíneach dhearg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar víreasach an-ionfhabhtaíoch a chuireann isteach go príomha ar dhéagóirí is aosaigh óga. Is galar éadrom neamhbhuan é, le fiabhras is gríos, ach má ionfhabhtaíonn sí bean atá sa chéad 18 seachtain de thoircheas is mór an dóchúlacht go mbeidh naíonán le míchumaí comhbheirthe aici, cosúil le bodhaire, daille is damáiste inchinne. Tá vacsaín ar fáil chun bac a chur ar an ngalar seo, agus tugtar do naíonáin is páistí é.