Vacsaín bruitíní/leicní/bruitíní deirge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Vacsaíníu comhcheangailte a thugtar do pháistí óga ó 1972 i leith (MMR i mBéarla). Tugtar dáileog timpeall 13-15 mí d'aois, agus an dara dáileog ag 4-5 bliain d'aois. Go dtí seo tugadh cuid mhaith thar 500 milliún dáileog i 90 tír. Tógadh conspóid mar gheall uirthi sa Bhreatain timpeall 1998 tar éis staidéir ar pháistí a spreag imní go raibh sí baolach. Mar thoradh, bhí cuid mhaith tuismitheoirí nár thoiligh go vacsaíneofaí a bpáistí. Ach cruthaíodh nach raibh an staidéar iontaofa ar chor ar bith, agus níor éirigh le haon taighdeoirí eile torthaí mar sin a fháil. Tá an vacsaín sábháilte inti féin. agus is fiú go mór an chosaint sláinte a thugann sí do pháiste.