An Aithin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| An Aithin Αθήνα |
|
Acrapail nó cathair ard na hAithine |
|
|---|---|
|
|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Réigiún: | Ataice |
| Méara: | Nikitas Kaklamanis |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 38.964 km² |
| Daonra: | 745,514 (2001) |
| Dlús daonra: | 19,133/km² |
| Airde: | 70 - 338 m |
| www.cityofathens.gr | |
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Tá an t-ainm sin ar an gcathair mar ómós don bandia Ataene, cosantóir na cathrach. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Gréige.
Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó na trian de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha sa chathair i 1896 is bhí siad ann arís don dara h-uair i 2004.
[athraigh] Stair
Ba cheann de na cathairstáit ba chumhachtaí í an Aithin i gcaitheamh Ré Órga na Sean-Gréige, idir 500 is 336 R.Ch. Ba í an Acrapail nó dún ard lárionad na searmanas san Aithin. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát. Bhíodh dealbh Ataene timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbarr a cumhachta is a saibhris.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
| athraigh Príomhchathracha an Aontais Eorpaigh | |
|---|---|
| An Aithin | Amstardam | Baile Átha Cliath | Beirlín | An Bhratasláiv | An Bhruiséil | Búcairist | Búdaipeist | Cóbanhávan | Heilsincí | Liospóin | Liúibleána Londain | Lucsamburg | Maidrid | An Leafcóis | Páras | Prág | Ríge | An Róimh | Sóifia | Stócólm | Tallinn | Vaileite | Vársá | Vilnias | Vín |
|


