Jump to content

Väinö Tanner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVäinö Tanner

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fi) Väinö Alfred Thomasson Cuir in eagar ar Wikidata
12 Márta 1881
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1966
85 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Minister of Finance (en) Aistrigh
22 Bealtaine 1942 – 8 Lúnasa 1944
← Mauno PekkalaOnni Hiltunen →
Ball de chomh-aireacht: Jukka Rangell's cabinet (en) Aistrigh, Edwin Linkomies' cabinet (en) Aistrigh
Minister of Finance (en) Aistrigh
12 Márta 1937 – 1 Nollaig 1939
← Juho NiukkanenMauno Pekkala →
Ball de chomh-aireacht: Aimo Cajander's third cabinet (en) Aistrigh
Príomh-Aire na Fionlainne
13 Nollaig 1926 – 17 Nollaig 1927
← Kyösti KallioJuho Sunila →
Ball de chomh-aireacht: Väinö Tanner's cabinet (en) Aistrigh
Comhalta de Pharlaimint na Fionlainne
22 Bealtaine 1907 –
Téarma parlaiminte: 1st Parliament of Finland (en) Aistrigh

Toghcheantar: Satakunta

Minister for Foreign Affairs of Finland (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Heilsincí
Ressu Upper Secondary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, taidhleoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Fionlainne Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Teaghlach
CéileLinda Tanner Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaija Taka Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1934986 Find a Grave: 180439682 Cuir in eagar ar Wikidata

Duine de pholaiteoirí móra na Fionlainne sa 20ú haois a bhí i Väinö Alfred Tanner (Heilsincí 12 Márta 1881 - Heilsincí 19 Aibreán 1966). Rinne Tanner créachta Chogadh na gCarad a chneasú agus iarracht athmhuintearas a dhéanamh. Cosúil le de Valera, rinne Tanner cás láidir ar son an daonlathais.

Bhí a athair ag obair don iarnród. Labhair a mháthair, as Uppland (an tSualainn), Sualainnis leis. Mar sin féin, bhain an buachaill óg amach an Ardteistiméireacht agus rinne sé staidéar ar an eacnamaíocht agus ar an dlí.

1922: na Daonlathaigh Shóisialta le Tanner i lár

Bhí Tanner an-sáite i ngluaiseacht na gcomharchumann. Sa bhliain 1907 a vótáladh isteach an chéad uair é i dtoghcháin na Parlaiminte, agus é ina bhall de pháirtí na nDaonlathach Sóisialta. Cé gur Sóisialaí a bhí ann, bhí sé barúlach gur chóir don pháirtí comhoibriú leis na buirgéisigh mheasartha.

Níor ghlac Tanner páirt i gCogadh Cathartha na Fionlainne, agus é an-diúltach do na Gardaí Dearga. Dúirt sé nach raibh sa chogadh ach coiriúlacht agus amaidí.

Nuair a tháinig na Daonlathaigh Shóisialta chucu arís i ndiaidh an chogaidh, chuaigh Tanner i gceannas ar an bpáirtí. In Ard-Fheis na bliana 1926, chuir Väinö Hupli agus lucht a leanúna d'fhiacha ar Tanner éirí as oifig an chathaoirligh sa pháirtí. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, ceapadh ina Phríomh-Aire é.

1940

Bhí an-mheas ag na maithe agus na móruaisle ar Tanner taobh amuigh dá pháirtí féin. Nuair a bhí boic mhóra na heite deise agus an tsaoil ghnó ag útamáil leis an smaoineamh deachtóireacht a dhéanamh den Fhionlainn in aithris ar an Iodáil Fhaisisteach, d'fhiafraigh an gróintín toiciúil tionsclaíochta Rafael Haarla de Tanner, an mbeadh seisean sásta dul i gceannas ar an tír ina dheachtóir i ndiaidh an choup d'état. Dhiúltaigh Tanner go múinte, agus é go tréan ar son an daonlathais.

Sa bhliain 1930, fuair lucht leanúna Tanner an ceann ab fhearr ar Hupli sa pháirtí, agus ceapadh ina chathaoirleach ar na Daonlathaigh Shóisialta arís é.

Bhí Tanner

  • ina Phríomh-Aire sna blianta 1926-1927,
  • ina Aire Airgeadais sna blianta 1937-1939,
  • ina Aire Gnóthaí Eachtracha sna blianta 1939-1940, agus
  • ina Aire Trádála agus Tionsclaíochta sna blianta 1940-1942.

Bhí Tanner ina chathaoirleach ar ghluaiseacht idirnáisiúnta na gcomharchumann sna blianta 1927-1945.

I ndiaidh an chogaidh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tAontas Sóivéadach an-mhíshásta le chomh maith is a d'éirigh le Tanner an lucht oibre a choinneáil ag tacú le cuspóirí cogaidh na Fionlainne sa Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh, chuir na Sóivéadaigh brú ar an bhFionlainn pionós príosúin a ghearradh do Tanner, mar "choirpeach cogaidh". Chaith Tanner na blianta 1946-1948 sa phríosún. Bhí coimpléasc capaill ann, áfach, agus tháinig sé réasúnta slán as an ngéibheann.

Chuaigh sé le polaitíocht arís i ndiaidh bhlianta an bhraighdeanais, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí in athuair sna blianta 1957-1962.