Väinö Tanner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Väinö Tanner
Väinö Tanner.jpg
Minister for Foreign Affairs of Finland (en) Aistrigh


comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Bealtaine 22, 1907 -
Dúiche: Satakunta
Toghchán: 1907 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh
Príomh-Aire na Fionlainne

Nollaig 13, 1926 - Nollaig 17, 1927
Kyösti Kallio - Juho Sunila
Minister of Finance (en) Aistrigh

Márta 12, 1937 - Nollaig 1, 1939
Juho Niukkanen - Mauno Pekkala
Minister of Finance (en) Aistrigh

Bealtaine 22, 1942 - Lúnasa 8, 1944
Mauno Pekkala - Onni Hiltunen
Saol
Ainm iomlán Väinö Alfred Thomasson
Eolas breithe Heilsincí, 12 Márta 1881
Náisiúntacht An Fhionlainn
Bás Heilsincí, 19 Aibreán 1966
Áit adhlactha Hietaniemi cemetery (en) Aistrigh
Muintir
Céile/Céilí Linda Tanner
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Heilsincí
Ressu Upper Secondary School (en) Aistrigh
Teangacha An Fhionlainnis
Gairm
Gairm polaiteoir, taidhleoir, iriseoir agus dlíodóir
Áit oibre Heilsincí
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochta Páirtí Sóisialta Daonlathach na Fionlainne
IMDb nm1934986

Duine de pholaiteoirí móra na Fionlainne sa 20ú haois a bhí i Väinö Alfred Tanner (Heilsincí 12 Márta 1881 - Heilsincí 19 Aibreán 1966). Rinne Tanner créachta Chogadh na gCarad a chneasú agus iarracht athmhuintearas a dhéanamh. Cosúil le de Valera, rinne Tanner cás láidir ar son an daonlathais.

Luathsaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a athair ag obair don iarnród. Labhair a mháthair, as Uppland (an tSualainn), Sualainnis leis. Mar sin féin, bhain an buachaill óg amach an Ardteistiméireacht agus rinne sé staidéar ar an eacnamaíocht agus ar an dlí.

1922: na Daonlathaigh Shóisialta le Tanner i lár

Bhí Tanner an-sáite i ngluaiseacht na gcomharchumann. Sa bhliain 1907 a vótáladh isteach an chéad uair é i dtoghcháin na Parlaiminte, agus é ina bhall de pháirtí na nDaonlathach Sóisialta. Cé gur Sóisialaí a bhí ann, bhí sé barúlach gur chóir don pháirtí comhoibriú leis na buirgéisigh mheasartha.

Níor ghlac Tanner páirt i gCogadh Cathartha na Fionlainne, agus é an-diúltach do na Gardaí Dearga. Dúirt sé nach raibh sa chogadh ach coiriúlacht agus amaidí.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig na Daonlathaigh Shóisialta chucu arís i ndiaidh an chogaidh, chuaigh Tanner i gceannas ar an bpáirtí. In Ard-Fheis na bliana 1926, chuir Väinö Hupli agus lucht a leanúna d'fhiacha ar Tanner éirí as oifig an chathaoirligh sa pháirtí. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, ceapadh ina Phríomh-Aire é.

1940

Bhí an-mheas ag na maithe agus na móruaisle ar Tanner taobh amuigh dá pháirtí féin. Nuair a bhí boic mhóra na heite deise agus an tsaoil ghnó ag útamáil leis an smaoineamh deachtóireacht a dhéanamh den Fhionlainn in aithris ar an Iodáil Fhaisisteach, d'fhiafraigh an gróintín toiciúil tionsclaíochta Rafael Haarla de Tanner, an mbeadh seisean sásta dul i gceannas ar an tír ina dheachtóir i ndiaidh an choup d'état. Dhiúltaigh Tanner go múinte, agus é go tréan ar son an daonlathais.

Sa bhliain 1930, fuair lucht leanúna Tanner an ceann ab fhearr ar Hupli sa pháirtí, agus ceapadh ina chathaoirleach ar na Daonlathaigh Shóisialta arís é.

Bhí Tanner

  • ina Phríomh-Aire sna blianta 1926-1927,
  • ina Aire Airgeadais sna blianta 1937-1939,
  • ina Aire Gnóthaí Eachtracha sna blianta 1939-1940, agus
  • ina Aire Trádála agus Tionsclaíochta sna blianta 1940-1942.

Bhí Tanner ina chathaoirleach ar ghluaiseacht idirnáisiúnta na gcomharchumann sna blianta 1927-1945.

I ndiaidh an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Grave of the 14th Prime Minister of Finland, Väinö Tanner (1881 – 1966).jpg

Bhí an tAontas Sóivéadach an-mhíshásta le chomh maith is a d'éirigh le Tanner an lucht oibre a choinneáil ag tacú le cuspóirí cogaidh na Fionlainne sa Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh, chuir na Sóivéadaigh brú ar an bhFionlainn pionós príosúin a ghearradh do Tanner, mar "choirpeach cogaidh". Chaith Tanner na blianta 1946-1948 sa phríosún. Bhí coimpléasc capaill ann, áfach, agus tháinig sé réasúnta slán as an ngéibheann.

Chuaigh sé le polaitíocht arís i ndiaidh bhlianta an bhraighdeanais, agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí in athuair sna blianta 1957-1962.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]