Jump to content

Volcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaVolcaigh

Cineáltreibh agus grúpa eitneach stairiúil

Cónaidhm de treibheanna Gallacha a bhí sna Volcaigh (Laidin: Volcae) a bunaíodh roimh ruathar na nGallach comhcheangailte a rinne ionradh ar an Mhacadóin c. 270 RCh. agus a throid in aghaidh na nGréagach, a bhí cruinnithe le chéile, ag Cath Thearmápalae sa bhliain 279 RCh. Fuarthas treibheanna ar a dtugtaí an t-ainm Volcaigh go comhuaineach i ndeisceart na Gaille, san Mhoráiv i ngleann na hEabró, Leithinis na hIbéire, agus i nGaláit na hAnatóile. Is cosúil go raibh an Volcaigh ina chuid de chultúr ábharach La Tène nach maireann, agus tá féiniúlacht Cheilteach curtha i leith na Volcach, bunaithe ar thagairtí i bhfoinsí Gréigise agus Laidine chomh maith le fianaise ainmeolaíocht.

Tiomáinte ag grúpaí an-soghluaiste ag feidhmiú lasmuigh den chóras treibhe agus ina raibhh eilimintí éagsúla, bhí na Volcaigh ar cheann de na heintitis eitneacha nua a bunaíodh le linn leathnú míleata na gCeilteach ag tús an 3ú haois RCh.[1] Ag bailiú le chéile sa turas cáiliúil isteach sna Balcáin, de réir dealraimh, ó thaobh na Gréige de, chun foghail a dhéanamh ar Deilfe, scoilt brainse den na Volcaigh ón bpríomhghrúpa ar an mbealach isteach sna Balcáin agus cheangail siad le dhá threibh eile, na Tolistobogaigh agus na Trocmaigh, chun cur fúthu i lár na hAnatóile agus féiniúlacht nua a bhunú mar na Galátaigh.

Ba ghrúpa de na Volcaigh iad na Tectosagaigh a bhog tríd an Mhacadóin go dtí an Anatóil c. 277 R.Ch. Deir Strabó gur tháinig na Tectosagaigh ar dtús ón réigiún in aice le Tolosa (Toulouse sa lá atá inniu ann).

Luaitear iad mar Volcis agus Volcarum le Iúl Caesar (lár an 1ú c. RCh),[2] mar Ou̓ólkai (Gréigis: Οὐόλκαι) le Strabó (1ú c. AD go luath) agus Tolamaes (2ú c. AD),[3] agus mar Volce ar an Tabula Peutingeriana (4-5ú c. AD).[4][5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Kruta, Venceslas. Celts: History and Civilization. London: Hachette Illustrated, 2004: 204.
  2. Caesar. Commentarii de Bello Gallico, 7:7:4, 1:35:4.
  3. Strabo. Geōgraphiká, 4:1:12; Ptolemy. Geōgraphikḕ Hyphḗgēsis, 2:10:6.
  4. Tabula Peutingeriana, x:x.
  5. Falileyev 2010, s.v. Volcae Arecomici and Volcae Tectosages.