Lonnú na gCeilteach in Oirthear na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ceann Gailleach mar a léirítear ar 'objet d'art', d'ór na Tráicia, ón 3ú haois RC.

Thosaigh grúpaí Gailleacha, a shíolraigh ón dúiche gar do Loch Neuchâtel na hEilvéise, ag dul ar imirche i dtreo oirdheisceart leithinis na mBalcán, ón 4ú haois RC. Cé go raibh lonnaíochtaí na gCeilteach comhchruinnithe in iarthar imchuach Shléibhte Cairp, bhí ionraí suntasacha, agus lonnaíochtaí, laistigh de leithinis na mBalcán féin.

Ón a mbunáiteanna nua, i dtuaisceart na hIllíre agus na Panónia, tháinig ionraí na gCeilteach chun buaic sa luath 3ú haois RC, leis an ionradh ar an Ghréig. Bhí feachtais mhíleata eile fógartha ar dheisceart na mBalcán agus ar ríocht na Macadóine, de thairbhe go raibh cúrsaí trína chéile ansin, ina dhiaidh chomharbas chasta Alastair Mhóir.

Chuaigh cuid de na hionróirí chun na hAnatóile, agus diaidh ar ndiaidh, shocraigh siad síos sa cheantar a ainmníodh an Ghaláit, sa deireadh, i gcuimhne orthu,