Victor Bayda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVictor Bayda
Beathaisnéis
Breithc. 1980
43/44 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Facebook: victor.bayda.3 Twitter: VictorBayda LinkedIn: victor-bayda-172503226 Cuir in eagar ar Wikidata

Teangeolaí Rúiseach a bhfuil saineolas aige ar na teangacha Ceilteacha agus Gearmáinice is ea Victor Victorovich Bayda (Rúisis: Виктор Викторович Байда; a rugadh 1980/1981). Faoi láthair is é an t-oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Moscó ó dhúchas é. Chuir Bayda suim i dteangacha ar dtús in aois a trí déag. Bhí suim ar leith aige sna teangacha Ceilteacha, agus faoin am a thosaigh sé in Ollscoil Stáit Mhoscó, bhí roinnt Breatnaise agus Gaeilge na hAlban aige.

San ollscoil, rinne sé staidéar ar an Ollainnis agus ar an nGaeilge. Chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge, chaith sé téarma amháin i gColáiste na Tríonóide. Chaith sé tamall i nGaeltacht Chonamara níos déanaí, sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua, áit a ndearna sé staidéar in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Bhí sé ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Stáit Mhoscó ar feadh níos mó ná cúig bliana déag, agus bronnadh dochtúireacht air in 2009, le tráchtas dar teideal Эволюция перфектных конструкций в исландском и гойдельских языках (“Éabhlóid tógálacha foirfe san Íoslainnis agus sa Ghaeilis”).

In 2019, ceapadh é ina oifigeach pleanála teanga i nGaeltacht Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí.[1][2] Is eisean atá freagrach as plean a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun an Ghaeilge a athbheochan ansin. Sa ról seo, mhol sé go dtabharfaí aireacht shinsearach dá gcuid féin do na ceantair Ghaeltachta mar chuid de rialtas na hÉireann.

Tá deich dteanga ar a thoil aige: Rúisis, Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Breatnais, Íoslainnis, Sualainnis, Béarla, Ollainnis, Gearmáinis agus Fraincis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]