Vicipéid:Laethanta roghnaithe/5 Iúil
Appearance
Is é an 5 Iúil an 186ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 187ú lá i mbliain bhisigh. Tá 179 lá fágtha sa bhliain.
- 1811 – D'fhógair Veiniséala a neamhspleáchas ón Spáinn
- 1816 – Cailleadh Dorothy Jordan, 54, aisteoir Éireannach agus bean luí Uilliam IV na Ríochta Aontaithe (r. 1761)
- 1830 – Rinne an Fhrainc ionradh ar an Ailgéir
- 1853 – Rugadh Cecil Rhodes, plandóir Sasanach a bhunaigh stát na Róidéise (b.1902)
- 1884 – Ghlac an Ghearmáin seilbh ar Chamarún
- 1911 – Cailleadh George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach (r. 1826)
- 1911 – Rugadh Georges Pompidou, Uachtarán na Fraince (b. 1974)
- 1916 – Cailleadh William Ramsay, 63, ceimiceoir Albanach (r. 1852)
- 1936 – Rugadh Alan Kelly, imreoir sacair (b. 2009)
- 1953 – Rugadh Jörg Tauss, polaiteoir Gearmánach
- 1958 – Rugadh Veronica Guerin, iriseoir Éireannach (b.1996)
- 1979 – Rugadh Stilian Petrov, imreoir sacair
- 1981 – Gortaíodh suas le 30 póilín i Learpholl na Breataine nuair a bhris círéib agus bradaíocht amach ansin