Vicipéid:Laethanta roghnaithe/30 Bealtaine
Appearance
Is é an 30 Bealtaine an 150ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 151ú lá i mbliain bhisigh. Tá 215 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Geolaithe" sa Bhrasaíl.
- 1672 – Rugadh Peadar Mór, impire na Rúise (b. 1725)
- 1778 – Cailleadh Voltaire, 83, scríbhneoir Francach (r. 1694)
- 1906 – Cailleadh Mícheál Dáibhéad, 60, feachtasóir sóisialta, bunaitheoir Chonartha na Talún (r. 1846)
- 1912 – Cailleadh Wilbur Wright, ceapadóir agus ceannródaí eitlíochta (r. 1871)
- 1916 – Rugadh Seán de Paor, iománaí (b. 1994)
- 1941 – Rugadh Detlev Blanke, teangeolaí Sprantaise
- 1959 – Rugadh Phil Brown, iar-imreoir sacair
- 1953 – Rugadh Colm Meaney, aisteoir
- 1961 – Cailleadh Rafael Trujillo, deachtóir ar an bPoblacht Dhoiminiceach (r. 1891)
- 1972 – D'fhógair an tIRA Oifigiúil sos cogaidh ach deir an tIRA Sealadach go leanfaidís ar aghaidh i mbun troda go dtí go n-imeodh muintir na Breataine as an Tuaisceart
- 1980 – Rugadh Steven Gerrard, imreoir sacair
- 1981 – Feallmharaíodh uachtarán na Banglaidéise, Ziaur Rahman, le linn iarracht coup
- 1990 – Chuir an Fhrainc cosc ar fheoil as an mBreatain de bharr galar na bó mire
- 2002 – Cailleadh John B. Keane, drámadóir, file agus scríbhneoir (r. 1928)