Phil Brown

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Phil Brown
Bilde-Philbrown01.jpg
Eolas pearsanta
Dáta breithe 30 Bealtaine, 1959
Áit breithe South Shields, Sasana
Foirne mar imreoir
1978-1985
1985-1988
1988-1994
1994-1996
Hartlepool United
Halifax Town
Bolton Wanderers
Blackpool
Foirne mar bhainisteoir
2005-2006
2006-2010
Derby County
Hull City

Is bainisteoir agus iar-imreoir sacair Sasanach é Phillip "Phil" Brown (rugadh é ar an 30 Bealtaine, 1959 i South Shields, Sasana). Tá sé ina bhainisteoir ar Hull City sa Premier League.

Gaimréim imeartha[athraigh | edit source]

D'imir Brown le Hartlepool United ó 1978 go dtí 1985, agus ansin le Halifax Town ó 1985 go 1988. Cheannaigh Bolton Wanderers é sa bhliain 1988. Chaith sé na blianta idir 1994 go 1996 le Blackpool.

Gaimréim bhainisteora[athraigh | edit source]

Derby County

Bhí George Burley ina bhainisteoir ar Derby County idir 2003 agus 2005, ach bhí droch-chaidreamh idir é féin agus an mbord, agus d'éirigh sé as i mí an Mheithimh, 2005. Bhí suim mhór ag Phil san obair agus rinneadh bainisteoir nua de. Ní raibh na torthaí go maith, áfach, agus briseadh é as a phost tar éis seacht mí.

Hull City

Tá Brown ina bhainisteoir ar Hull City inniu agus tá an fhoireann ag imirt sa Premier League. Bhí an club ag bun an Championship i mí na Nollag, 2006 agus tugadh an sac don bhainisteoir Phil Parkinson. Bhuaigh Hull craobh an Championship Play-Off Final sa bhliain 2008 agus d'imir siad sa Premier League don séasúr 2008-09. Íslíodh iad ag deireadh séasúr 2009-10 agus níor athnuadh a chonradh.


Soccerball.svg
Flag of England.svg Déileálann an síol seo le imreoirí sacair Shasana. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.