Tonn taoide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tar éis súnámaí na bliana 2005 in Aceh na hIndinéise

Is éard is tonn taoide ann ná muirbhrúcht nó súnámaí, tonn sa bhfarraige le tréimhse fhada a tharlaíonn de bharr gluaiseachtaí móra an ghrinnill de thoradh crith talún, brúchtadh pléascach bolcáin, nó maidhm talún faoin bhfarraige.

Is féidir le súnáimí taisteal sa bhfarraige oscailte suas le 800 km u-1 agus cladaí a bhualadh le fórsa millteach, arís is arís eile le gach buaic toinne. Is féidir go mbeidh buaic 30 m ag a leithéid. Rinneadh léirscrios agus cailleadh na mílte daoine i dteagmhais mar seo thar na blianta timpeall an Aigéin Chiúin.

Tharla a leithéid san Aigéan Indiach i 2004 nuair a tharla crith talún timpeall 9 ar scála Richter (níos fuinniúla ná aon chrith talún sa réigiún le 40 bliain nó mar sin) agus a airmheán ar an taobh thiar thuaidh d'oileán Sumatra na hIndinéise. Ghluais an crith an grinneall roinnt méadar agus dhíláithrigh na céadta ciliméadar ciúbach uisce. Leath an súnámaí amach i ngach treo san Aigéan Indiach agus bhuail cladaí ar thaobh na hÁise gan rabhadh, ag réabadh na gcóstaí i Maenmar (Burma), an Téalainn, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, is na hOileáin Shéiseileacha. Rinne sé an rud céanna le cósta thoir na hIndia, Srí Lanca, an Bhanglaidéis agus cóstaí na Somáile, na Céinia is na Tansáine in oirthear na hAfraice. Cailleadh na céadta bailte is sráidbhailte, agus níos mó ná 300,000 duine, meastar.

Tharla súnámaí millteach ar chósta thiar thuaidh na Seapáine i 2011 a rinne scrios ar limistéar ollmhór agus a chuir tús le tubaiste núicléach Fukushima.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tonn taoide". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.