Tonú
Cuma
Is éard is tonú[1] ann ná próiseas ceimiceach chun grianghraf dubh is geal a athrú chuig dath eile. Samplaí is ea athrú an airgid mhiotalaigh san íomhá go dtí suilfíd airgid chun ton donnrua a dhéanamh, go dtí comhdhúile iarainn chun dath gorm a bhaint amach, agus comhdhúile copair chun dath deargdhonn a fháil. Is féidir raon leathan dathanna eile a fháil tríd an íomhá airgid a thuaradh is a athréaladh le cúplóirí dathanna.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): toning” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-04-10.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tonú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |