Tionscnamh Straitéiseach Cosanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTionscnamh Straitéiseach Cosanta
Sonraí
Cineáltionscadal missile defense (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1984
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1993 Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirBallistic Missile Defense Organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An leasainm ‘Star Wars’ nó 'Cogadh na Réaltaí'

Bhí an córas cosanta Tionscnaimh Straitéiseach Chosanta''(an TSC nó an Strategic Defense Initiative) go mór i mbéal an phobail le linn ré Ronald Reagan, Uachtarán na Stát Aontaithe, sna 1980idí. Córas léasair cosanta ab ea é, a mbeadh de thoradh air go gcruthófaí sciath thart ar na Stáit Aontaithe, nárbh fhéidir le diúracáin na Rúise teacht tríd. Tugadh an leasainm ‘Star Wars’Cogadh na Réaltaí ar an TSC.[1]

Plean[cuir in eagar | athraigh foinse]

An plean ag an APSS

Chuir an tUachtarán Reagan tús leis an TSC sa bhliain 1983, plean go saothródh na Stáit Aontaithe teicneolaíochtaí chun sciath arm cosanta a leagan amach i sraitheanna, amuigh sa spás den chuid is mó, ábalta diúracáin bhailistíocha ionsaitheacha a mhilleadh is a chur anuas.[2]

Saitilítí i bhfithisí timpeall an domhain a bheadh i gceist, iad in ann lainseáil na ndiúracán naimhdeach a bhrath, a aithint, agus fiú a spriocanna a dhíorthú. Bheadh na satailítí seo, nó compánaigh, armtha le hairm nua-aoiseacha, bunaithe ar léasair chumasacha, nó diúracáin fhuinniúla, lenarbh fhéidir na diúracáin bhagracha a ionsaí is a mhilleadh i bhfad roimh theacht chun spríce dóibh.

Thacaigh Ronald Reagan le forbairt an chórais agus bhí an APSS glan ina choinne, Plean conspóideach ab ea é, agus bhí eagla ar chuid mhaith daoine go n-úsáidfí na hairm nua chun ionsaithe chomh maith. D’éirigh an teannas chomh géar sin go ndearna an Rúis baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha i 1984 a reáchtáladh i Los Angeles.

Conradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh, drogall polaitíochta an fáth nár tháinig an Tionscnaimh chun críche riamh. Bhí an taighde ina chomhair fíorchostasach; chosain Star Wars na billiúin dollar agus roimh i bhfad bhí deacrachtaí ag geilleagar SAM. Bhí an cás níos measa fiú sa Rúis. Shínigh an APSS agus SAM an comhaontú Conradh na bhFórsaí Núicléacha le Meánraon ar 8 Nollaig 1987,[3] a chinntigh gur cuireadh as feidhm na mílte arm núicléach agus a chuir stad le clár Star Wars.

Athraíodh ainm an tionscnaimh faoin Uachtarán Clinton. Táthar ag leanúint den taighde i gcónaí. Níl sé cinnte - fós inniu - gur féidir na hairm is gá chuige a dhéanamh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. stmarys-belfast.ac.uk (2014). "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2022.
  2. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. "Intermediate-Range Nuclear Forces Treaty" (as en) (2022-06-02). Wikipedia.