Tiarnach mac Fógartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTiarnach mac Fógartaigh
Beathaisnéis
Bás865 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Loch Gabhair ba ea Tiarnach mac Fógartaigh (Sean-Ghaeilge Tigernach mac Fócartai) (bás 865).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba bhall é Tiarnaigh de chlann Uí Chearnaigh, géag de Síol Aodha Sláine a bhí cumhacht tráth, cuid d'Uí Néill an Deiscirt. Bhí a shin-sin-seanathair Fógartach mac Néill ina Ardrí na hÉireann. Faoi lár na hochtú haoise, bhí ríocht Bhreá, faoi cheannas tráth Síol Aodha Sláine, roinnte in dhá leath nó níos mó. Thugtaí an teideal rí Loch Gabhair, agus/nó rí Dheisceart Bhreá ar ríthe Uí Chearnaigh. Molann fianaise sheandálaíochta ón gcrannóg i Loch Gabhair gur lárionad na ríthe úd a bhí go deimhin ann. Bhí Cnoc na Teamhrach suite laistigh dá ríocht, agus d'fhéadfadh é go raibh tábhact níos mó acu dá bharr, cé gur mionríocht a bhí inti.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn réimeas Tiarnaigh, bhí lár mar tíre faoi cheannas a ghaol i bhfad, an tArdrí, Maol Seachlainn mac Rúnaí de Chlann Cholmáin. Is dócha gurb é an tagairt is luaite ar Thiarnach sna hannála ná an bua a bhain sé amach in éadan Mhaoil Seachnaill agus an rí Laigean, Ruarc mac Brain, sa bhliain 846.

Sa bhliain 848, probably as part of a broad alliance of Irish kings, bhuaigh Tiarnach in éadan na Lochlannach ag Dísert Do-Chonna, áit gan aithint ach is dócha gar den chósta oirthear. Níorbh an phríomhbhagairt ar Thiarnach iad na Lochlannaigh, ámh, ach a ghaol i dTuaisceart Bhreá, Cináed mac Conaing uaillmhianach agus a dheartháir, Flann. Rinne Cináed, rí Thuaisceart ón mbliain 849 ar aghaidh, comhaontas leis na Lochlannaigh sa bhliain 850 agus, dar le hAnnála Uladh, "rinne creach ar chríocha Uí Néill ón Sionainn go dtí an mhuir". Rinne sé ruathar ar an gcrannog ag Loch Gabair, a dódh agus an chill ag Treoid in aice láimhe le seachtó duine laistigh. Insítear i nAnnála Uladh conas a bhain Tiarnach a dhíoltas amach. Bhuail Cináed le Maol Seachnaill agus Tiarnach am bhliain dár gcionn. In ainneoin choimirce aistir dearbhaithe ag an eaglais, rinneadh feall air agus "bádh é go cruálach i linn".

Insítear i nannála Éireann gur tharla Cath idir Tiarnach agus Flann sa bhliain 854, ag Domhnach Mór (Contae Laoise), inár bhain Flann bua amach. Ní insítear rud ar bith eile maidir le Tiarnach go dtí a bhás sa bhliain 865. Tugtar na teidil rí Locha Gabor agus lethrí Breg dó ina thásc.[1]

Sliochtaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maíonn clann Uí Thiarnaigh as Contae na Mí gurb é Tiarnach a sinsear.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Byrne, Francis John (2005), "The Viking Age", in Ó Cróinín, Dáibhí (ed.), Prehistoric and Early Ireland, A New History of Ireland, vol. I, Oxford: Oxford University Press, ISBN 0-19-821737-4
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Charles-Edwards, T.M. (2004), "Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (d. 862)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 2007-02-15
  • Mytum, Harold (1992), The Origins of Early Christian Ireland, London: Routledge, ISBN 0-415-03258-X

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. AU 865.3